+Airteagal 15 Toimhde na comhréireachta
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
|
Airteagal 15 Toimhde na comhréireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Toimhdeofar go bhfuil táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go bhfuil siad arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais inrochtaineachta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Coimisiún an chéad dréacht-iarratas den sórt sin chuig an gcoiste ábhartha faoin 28 Meitheamh 2021.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla a chomhlíonann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; agus
|
|
(b)
|
inarb amhlaidh:
|
(i)
|
a d’iarr an Coimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus atá moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó
|
|
(ii)
|
gur féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn sonraíocht theicniúil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ach amháin an ceanglas gur faoi eagraíocht neamhbhrabúsach a bhí sé na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt.
|
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Measfar táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí teicniúla sin nó le codanna díobh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0882
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|