+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn “eintiteas criticiúil” eintiteas poiblí nó príobháideach arna shainaithint ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6 mar eintiteas a bhaineann le ceann de na catagóirí a leagtar amach sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn “athléimneacht” an cumas atá ag eintiteas criticiúil teagmhas a chosc, cosaint ina choinne, freagairt air, comhrac ina choinne, é a mhaolú, a sheasamh, freastal air agus teacht uaidh;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn “teagmhas” eachtra a shuaitheann soláthar seirbhíse fíor-riachtanaí nó a d’fhéadfadh é a shuaitheadh go suntasach, lena n-áirítear nuair a dhéanann sé difear do na córais náisiúnta lena gcosnaítear an smacht reachta;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, nó cuid de shócmhainn, saoráid, trealamh, líonra, nó córas, atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn “seirbhís fhíor-riachtanach” seirbhís atá ríthábhachtach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, an tsláinte agus an tsábháilteacht phoiblí, nó an comhshaol a choinneáil ar bun;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn “riosca” an poitéinseal atá ann go mbeadh teagmhas ina chúis le caillteanas nó le suaitheadh agus tá sé le sloinneadh mar theaglaim de mhéid an chaillteanais nó an tsuaite sin agus an dóchúlacht go dtarlódh an teagmhas;
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn “measúnú riosca” an próiseas foriomlán chun cineál agus méid riosca a chinneadh trí bhagairtí, leochaileachtaí agus guaiseacha ábhartha féideartha, a bhféadfadh teagmhas a bheith mar thoradh orthu, a shainaithint agus a anailísiú, agus trí chaillteanas nó suaitheadh féideartha soláthair seirbhíse fíor-riachtanaí a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar an teagmhas sin a mheasúnú;
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn “caighdeán” caighdeán mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 1025/2012;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn “eintiteas riaracháin phoiblí” eintiteas a aithnítear mar sin i mBallstát i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gan breithiúna, parlaimintí ná na bainc cheannais a áireamh, a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
|
(a)
|
bunaítear é chun riachtanais leasa ghinearálta a chomhlíonadh agus níl carachtar tionscail ná tráchtála aige;
|
|
(b)
|
tá pearsantacht dhlítheanach aige nó tá sé i dteideal gníomhú de réir dlí thar ceann eintiteas eile ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach;
|
|
(c)
|
tá sé maoinithe, den chuid is mó, ag údaráis an Stáit nó ag comhlachtaí eile leibhéil lárnaigh arna rialú leis an dlí poiblí, tá sé faoi réir maoirseacht bainistíochta ag na húdaráis nó na comhlachtaí sin, nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aige, a bhfuil níos mó ná leath a chomhaltaí ceaptha ag údaráis an Stáit nó ag comhlachtaí eile leibhéil lárnaigh a rialaítear leis an dlí poiblí;
|
|
(d)
|
tá an chumhacht aige cinntí riaracháin nó rialála a dhíriú chuig daoine nádúrtha lena ndéantar difear dá gcearta i ngluaisteacht trasteorann daoine, earraí, seirbhísí nó caipitil.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022L2557
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|