2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí agus na modhanna ag na húdaráis inniúla chun a éileamh, i gcás inar gá sin chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na heintitis faoi Threoir (AE) 2022/2555 arna sainaithint ag na Ballstáit mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo na nithe seo a leanas a sholáthar, laistigh de theorainn ama réasúnach a leagfaidh na húdaráis sin síos:
|
(a)
|
an fhaisnéis is gá chun a mheasúnú cibé an gcomhlíonann na bearta a rinne na heintitis sin chun a n-athléimneacht a áirithiú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13;
|
|
(b)
|
fianaise ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sin, lena n-áirítear torthaí iniúchóireachta a dhéanfaidh iniúchóir cáilithe ar chostas an eintitis sin, ar iniúchóir é a roghnóidh an t-eintiteas.
|
Agus an fhaisnéis sin á héileamh acu, luafaidh na húdaráis inniúla cuspóir an cheanglais agus sonróidh siad an fhaisnéis is gá.