+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
---+Airteagal 2 4.
---+Airteagal 2 5.
---+Airteagal 2 6.
|
Airteagal 2 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus gnóthais áirithe eile atá ag gabháil de chripteashócmhainní a eisiúint, a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála nó a sholáthraíonn seirbhísí a bhaineann le cripteashócmhainní san Aontas.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
daoine a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní go heisiach dá máthairchuideachtaí, dá bhfochuideachtaí féin nó d’fhochuideachtaí eile de chuid a máthairchuideachtaí;
(b)
leachtaitheoirí nó riarthóirí ag gníomhú dóibh i rith nós imeachta dócmhainneachta, ach amháin chun críocha Airteagal 47;
(c)
BCE, bainc cheannais na mBallstát agus iad ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát;
(d)
an Banc Eorpach Infheistíochta agus a fhochuideachtaí;
(e)
an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
(f)
eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cripteashócmhainní atá uathúil agus nach bhfuil idirmhalartach le cripteashócmhainní eile.
|
|
Airteagal 2 4.
|
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le cripteashócmhainní a cháilíonn mar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(b)
taiscí, lena n-áirítear taiscí struchtúrtha;
(c)
cistí, ach amháin má cháilíonn siad mar chomharthaí ríomh-airgid;
(d)
suíomhanna urrúsaithe i gcomhthéacs urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(e)
táirgí árachais neamhshaoil nó saoil a thagann faoi na haicmí árachais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) nó conarthaí athárachais agus aisghéillte dá dtagraítear sa Treoir sin;
(f)
táirgí pinsin a aithnítear, faoin dlí náisiúnta, mar tháirgí arb é is príomhchuspóir dóibh ioncam a sholáthar don infheisteoir agus an t-infheisteoir ar scor agus lena dtugtar teideal don infheisteoir sochair áirithe a ghnóthú;
(g)
scéimeanna pinsin ceirde a aithnítear go hoifigiúil a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
) nó Threoir 2009/138/CE;
(h)
táirgí pinsin aonair a gceanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostóir ná ag an bhfostaí maidir leis an táirge pinsin nó maidir le soláthraí an táirge pinsin;
(i)
Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
(j)
scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 (
4
) agus (CE) Uimh. 987/2009 (
5
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
|
Airteagal 2 5.
|
Faoin 30 Nollaig 2024, eiseoidh ESMA, chun críocha mhír 4, pointe (a), den Airteagal seo, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na coinníollacha agus na critéir chun cripteashócmhainní a cháiliú mar ionstraimí airgeadais.
|
|
Airteagal 2 6.
|
Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|