|
+Airteagal 4 3. |
Airteagal 4 3.Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo maidir le tairiscintí cripteashócmhainní don phobal seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
tairgtear an chripteashócmhainn saor in aisce;
(b)
cruthaítear an chripteashócmhainn go huathoibríoch mar luach saothair ar an mórleabhar dáilte a chothabháil nó ar idirbhearta a bhailíochtú;
(c)
baineann an tairiscint le comhartha fóntais lena soláthraítear rochtain ar earra nó ar sheirbhís atá ann nó atá ag feidhmiú;
(d)
níl an ceart ag sealbhóir na cripteashócmhainne í a úsáid ach amháin mar mhalairt ar earraí agus seirbhísí i líonra teoranta ceannaithe a bhfuil socruithe conarthacha acu leis an tairgeoir. Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní mheasfar go bhfuil cripteashócmhainn á tairiscint saor in aisce i gcás ina n-éilítear ar cheannaitheoirí sonraí pearsanta a sholáthar don tairgeoir nó gealltanas a thabhairt sonraí pearsanta a sholáthar don tairgeoir mar mhalairt ar an gcripteashócmhainn sin, nó i gcás ina bhfaigheann tairgeoir na cripteashócmhainne ó shealbhóirí ionchasacha na cripteashócmhainne sin aon táillí, coimisiúin, sochair airgeadaíochta nó sochair neamhairgeadaíochta mar mhalairt ar an gcripteashócmhainn sin. Más rud é, ar feadh gach tréimhse 12 mhí a thosaíonn ó thús na tairisceana tosaigh don phobal, gur mó ná EUR 1 000 000 comaoin iomlán tairisceana don phobal ar chripteashócmhainn sna himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), san Aontas, seolfaidh an tairgeoir fógra chuig an údarás inniúil ina mbeidh tuairisc ar an tairiscint agus ina míneofar cén fáth a bhfuil an tairiscint díolmhaithe ón Teideal seo de bhun na chéad fhomhíre, pointe (d). Bunaithe ar an bhfógra dá dtagraítear sa tríú fomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a bhfuil údar cuí leis i gcás ina measann sé nach gcáilíonn an ghníomhaíocht do dhíolúine mar líonra teoranta faoin gcéad fhomhír, pointe (d), agus cuirfidh sé an tairgeoir ar an eolas dá réir sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|