+Airteagal 6 Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
---+Airteagal 6 9.
---+Airteagal 6 10.
---+Airteagal 6 11.
---+Airteagal 6 12.
|
Airteagal 6 Inneachar agus foirm an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I:
(a)
faisnéis faoin tairgeoir nó faoin duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;
(b)
faisnéis faoin eisitheoir, más rud é nach ionann é agus an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;
(c)
faisnéis faoi oibreoir an ardáin trádála i gcásanna ina dtarraingíonn sé suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(d)
faisnéis faoin tionscadal cripteashócmhainní;
(e)
faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn nó faoina ligean isteach chun a trádála;
(f)
faisnéis faoin gcripteashócmhainn;
(g)
faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcripteashócmhainn;
(h)
faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;
(i)
faisnéis faoi na rioscaí;
(j)
faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an chripteashócmhainn a eisiúint.
I gcásanna nach iad na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine a tharraing suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chúis ar tharraing an duine áirithe sin suas é.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Beidh an fhaisnéis uile a liostaítear i mír 1 cothrom agus soiléir agus ní bheidh sí míthreorach. Ní bheidh aon easnaimh ábhartha sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus cuirfear i láthair é i bhfoirm ghonta agus intuigthe.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Beidh an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas ar an gcéad leathanach den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:
‘Níl an páipéar bán seo maidir le cripteashócmhainní formheasta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach. Is é tairgeoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar an pháipéir bháin seo maidir le cripteashócmhainní.’.
I gcás inarb é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, ansin, in ionad ‘tairgeoir na gcripteashócmhainní’, áireofar tagairt do ‘an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach na cripteashócmhainní chun a dtrádála’ nó ‘oibreoir ardán trádála na gcripteashócmhainní’ sa ráiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Ní bheidh aon dearbhuithe sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a mhéid a bhaineann le luach na cripteashócmhainne sa todhchaí, seachas an ráiteas dá dtagraítear i mír 5.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Beidh ráiteas soiléir gan débhrí maidir leis na nithe seo a leanas sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní:
(a)
féadfaidh an chripteashócmhainn a luach a chailleadh i bpáirt nó go hiomlán;
(b)
féadfaidh sé nach mbeidh an chripteashócmhainn inaistrithe i gcónaí;
(c)
féadfaidh sé nach cripteashócmhainn leachtach í an chripteashócmhainn;
(d)
i gcás ina mbaineann an tairiscint don phobal le comhartha fóntais, féadfaidh sé nach mbeifear in ann an comhartha fóntais sin a mhalartú ar an earra nó ar an tseirbhís a ghealltar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, go háirithe i gcás ina gcliseann ar an tionscadal cripteashócmhainní nó nach leantar de a thuilleadh;
(e)
ní chumhdaítear an chripteashócmhainn leis na scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí faoi Threoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
);
(f)
ní chumhdaítear an chripteashócmhainn leis na scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 2014/49/AE.
|
|
Airteagal 6 6.
|
Beidh ráiteas ó chomhlacht bainistíochta an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Deimhneofar leis an ráiteas sin, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 3, go gcomhlíonann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní an Teideal seo agus, chomh fada agus is eol don chomhlacht bainistíochta, go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní cothrom agus soiléir agus nach bhfuil sí míthreorach agus nach bhfuil aon easnamh sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.
|
|
Airteagal 6 7.
|
Beidh achoimre sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, a chuirfear isteach tar éis an ráitis dá dtagraítear i mír 6, ina dtabharfar, i dteanga ghonta agus neamhtheicniúil, faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn nó faoi ligean isteach na cripteashócmhainne sin chun a trádála atá beartaithe. Beidh an achoimre sothuigthe agus déanfar í a chur i láthair agus a leagan amach i bhformáid shoiléir chuimsitheach, agus úsáid á baint as carachtair atá inléite ó thaobh méide de. San achoimre ar an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainn, tabharfar faisnéis iomchuí faoi shaintréithe na cripteashócmhainne lena mbaineann chun cabhrú le sealbhóirí ionchasacha na cripteashócmhainne cinneadh feasach a dhéanamh. Beidh rabhadh maidir leis na nithe seo a leanas san achoimre:
(a)
ba cheart í a léamh mar réamhrá don pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(b)
ba cheart don sealbhóir ionchasach aon chinneadh maidir le ceannach na cripteashócmhainne a bhunú ar inneachar an pháipéir bháin maidir le cripteashócmhainní ar an iomlán agus níor cheart dó aon chinneadh den sórt sin a bhunú ar an achoimre amháin;
(c)
ní hionann an tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn agus tairiscint nó sirtheoireacht chun ionstraimí airgeadais a cheannach agus ní féidir aon tairiscint nó sirtheoireacht den sórt sin a dhéanamh ach amháin trí bhíthin réamheolaire nó doiciméid tairisceana eile de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme;
(d)
ní hionann an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus réamheolaire amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) ná aon doiciméad tairisceana eile de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 6 8.
|
Beidh dáta a fhógra agus clár ábhar sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 6 9.
|
Tarraingeofar suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit baile, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. I gcás ina dtairgtear an chripteashócmhainn freisin i mBallstát seachas an Ballstát baile, tarraingeofar suas freisin an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 6 10.
|
Cuirfear an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.
|
|
Airteagal 6 11.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 10. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 6 12.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (j), i leith na dtáscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír á bhforbairt aige, breithneoidh ESMA na cineálacha éagsúla sásraí comhthola a úsáidtear chun idirbhearta i gcripteashócmhainní a bhailíochtú, a struchtúir dreasachta agus úsáid fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus acmhainní nádúrtha, táirgeadh dramhaíola agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Déanfaidh ESMA na caighdeáin theicniúla rialála sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí rialála agus teicneolaíocha. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|