|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas i bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I:
(a)
faisnéis faoin tairgeoir nó faoin duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;
(b)
faisnéis faoin eisitheoir, más rud é nach ionann é agus an tairgeoir nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige;
(c)
faisnéis faoi oibreoir an ardáin trádála i gcásanna ina dtarraingíonn sé suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(d)
faisnéis faoin tionscadal cripteashócmhainní;
(e)
faisnéis faoin tairiscint don phobal ar an gcripteashócmhainn nó faoina ligean isteach chun a trádála;
(f)
faisnéis faoin gcripteashócmhainn;
(g)
faisnéis faoi na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an gcripteashócmhainn;
(h)
faisnéis faoin mbunteicneolaíocht;
(i)
faisnéis faoi na rioscaí;
(j)
faisnéis faoi na drochthionchair phríomha ar an aeráid agus faoi dhrochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag an sásra comhthola a úsáidtear chun an chripteashócmhainn a eisiúint. I gcásanna nach iad na daoine dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a tharraingíonn suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní, áireofar freisin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní céannacht an duine a tharraing suas an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus an chúis ar tharraing an duine áirithe sin suas é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|