+Airteagal 7 Cumarsáid mhargaíochta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Cumarsáid mhargaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Le haon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó a bhaineann le cripteashócmhainn den sórt sin a ligean isteach chun a trádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
(a)
táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;
(b)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;
(c)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, i gcás ina n-éilítear páipéar bán maidir le cripteashócmhainní den sórt sin de bhun Airteagal 4 nó 5;
(d)
luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála le haghaidh na cripteashócmhainne lena mbaineann, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an duine sin;
(e)
tá an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas sa chumarsáid mhargaíochta:
‘Níl athbhreithniú déanta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach ar an gcumarsáid mhargaíochta seo maidir le cripteashócmhainní ná níl sé formheasta ag aon údarás inniúil den sórt sin. Is é tairgeoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar na cumarsáide margaíochta seo maidir le cripteashócmhainní.’.
I gcás inarb é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála a ullmhaíonn an chumarsáid mhargaíochta, ansin, in ionad ‘tairgeoir na gcripteashócmhainní’, áireofar tagairt do ‘an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach na cripteashócmhainní chun a dtrádála’ nó ‘oibreoir ardán trádála na gcripteashócmhainní’ sa ráiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).
|
|
Airteagal 7 2.
|
I gcás ina bhfuil gá le páipéar bán maidir le cripteashócmhainní de bhun Airteagal 4 nó 5, ní scaipfear aon chumarsáid mhargaíochta sula bhfoilseofar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní. Ní dhéanfar difear do chumas an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreora ardáin trádála sondálacha margaidh a dhéanamh.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear an chumarsáid mhargaíochta measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá mír 1 á comhlíonadh i ndáil leis an gcumarsáid mhargaíochta sin. I gcás inar gá, beidh údarás inniúil an Bhallstáit baile de chúnamh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina scaiptear an chumarsáid mhargaíochta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na cumarsáide margaíochta leis an bhfaisnéis atá sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Maidir le leas a bhaint as aon cheann de na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha a leagtar amach in Airteagal 94 i ndáil le forfheidhmiú an Airteagail seo ag údarás inniúil Ballstáit óstaigh, tabharfar fógra ina leith sin gan moill mhíchuí don údarás inniúil i mBallstát baile an tairgeora, don duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó d’oibreoir an ardáin trádála le haghaidh na gcripteashócmhainní.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|