|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Le haon chumarsáid mhargaíochta a bhaineann le tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó a bhaineann le cripteashócmhainn den sórt sin a ligean isteach chun a trádála, comhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
(a)
táthar in ann a aithint go soiléir gur cumarsáid mhargaíochta atá ann;
(b)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta cothrom agus soiléir agus níl sí míthreorach;
(c)
tá an fhaisnéis sa chumarsáid mhargaíochta comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní, i gcás ina n-éilítear páipéar bán maidir le cripteashócmhainní den sórt sin de bhun Airteagal 4 nó 5;
(d)
luaitear go soiléir sa chumarsáid mhargaíochta gur foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus léirítear go soiléir inti seoladh shuíomh gréasáin an tairgeora, an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, nó oibreoir an ardáin trádála le haghaidh na cripteashócmhainne lena mbaineann, chomh maith le huimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist chun teagmháil a dhéanamh leis an duine sin;
(e)
tá an ráiteas soiléir feiceálach seo a leanas sa chumarsáid mhargaíochta: ‘Níl athbhreithniú déanta ag aon údarás inniúil in aon Bhallstát den Aontas Eorpach ar an gcumarsáid mhargaíochta seo maidir le cripteashócmhainní ná níl sé formheasta ag aon údarás inniúil den sórt sin. Is é tairgeoir na cripteashócmhainne, agus eisean amháin, atá freagrach as inneachar na cumarsáide margaíochta seo maidir le cripteashócmhainní.’. I gcás inarb é an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige nó oibreoir ardáin trádála a ullmhaíonn an chumarsáid mhargaíochta, ansin, in ionad ‘tairgeoir na gcripteashócmhainní’, áireofar tagairt do ‘an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach na cripteashócmhainní chun a dtrádála’ nó ‘oibreoir ardán trádála na gcripteashócmhainní’ sa ráiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|