+Airteagal 16 Údarú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
|
Airteagal 16 Údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chomhartha sócmhainn-tagartha, ná ní iarrfaidh sé go ligfí isteach chun a thrádála é, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gurb é eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin an duine sin agus gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
is duine dlítheanach nó gnóthas eile é atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe ag údarás inniúil a Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 21; nó
(b)
is institiúid creidmheasa a chomhlíonann Airteagal 17 é.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, ar thoiliú i scríbhinn ón eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha, féadfaidh daoine eile an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála. Comhlíonfaidh na daoine sin Airteagail 27, 29 agus 40. Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní fhéadfaidh gnóthais eile comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint ach amháin má áirithítear leis an bhfoirm dhlíthiúil atá acu leibhéal cosanta do leasanna tríú páirtithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugann daoine dlítheanacha agus má tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta choibhéiseach is iomchuí dá bhfoirm dhlíthiúil.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas:
(a)
thar thréimhse 12 mhí, arna ríomh ag deireadh gach lae féilire, ní sháraíonn meánluach gan íoc an chomhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint ag eisitheoir EUR 5 000 000 riamh, nó an méid coibhéiseach in airgeadra oifigiúil eile, agus níl an t-eisitheoir nasctha le líonra eisitheoirí díolmhaithe eile; nó
(b)
is chuig infheisteoirí cáilithe amháin a dhírítear an tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus ní féidir ach le hinfheisteoirí cáilithe den sórt sin an comhartha sócmhainn-tagartha a shealbhú.
I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá bhforáiltear in Airteagal 19 a tharraingt suas agus tabharfaidh siad fógra faoin bpáipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní agus, arna iarraidh sin, faoi aon chumarsáid mhargaíochta, d’údarás inniúil a mBallstáit baile.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Beidh an t-údarú a thugann an t-údarás inniúil do dhuine dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), bailí don Aontas ar fad agus ceadóidh sé d’eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha an comhartha sócmhainn-tagartha a bhfuil sé údaraithe ina leith a thairiscint don phobal, ar fud an Aontais, nó a iarraidh go ligfí isteach comhartha sócmhainn-tagartha den sórt sin chun a thrádála.
|
|
Airteagal 16 4.
|
An ceadú a thugann an t-údarás inniúil do pháipéar bán de chuid eisitheora maidir le cripteashócmhainní faoi Airteagal 17(1) nó Airteagal 21(1) nó don pháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainn faoi Airteagal 25, beidh sé bailí ar fud an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|