|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chomhartha sócmhainn-tagartha, ná ní iarrfaidh sé go ligfí isteach chun a thrádála é, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gurb é eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha sin an duine sin agus gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
is duine dlítheanach nó gnóthas eile é atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe ag údarás inniúil a Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 21; nó
(b)
is institiúid creidmheasa a chomhlíonann Airteagal 17 é. D’ainneoin na chéad fhomhíre, ar thoiliú i scríbhinn ón eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha, féadfaidh daoine eile an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála. Comhlíonfaidh na daoine sin Airteagail 27, 29 agus 40. Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, ní fhéadfaidh gnóthais eile comharthaí sócmhainn-tagartha a eisiúint ach amháin má áirithítear leis an bhfoirm dhlíthiúil atá acu leibhéal cosanta do leasanna tríú páirtithe atá coibhéiseach leis an leibhéal a thugann daoine dlítheanacha agus má tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta choibhéiseach is iomchuí dá bhfoirm dhlíthiúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|