+Airteagal 17 Ceanglais ar institiúidí creidmheasa
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
|
Airteagal 17 Ceanglais ar institiúidí creidmheasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Féadfar comhartha sócmhainn-tagartha arna eisiúint ag institiúid creidmheasa a thairiscint don phobal nó a ligean isteach chun a thrádála má dhéanann an institiúid creidmheasa an méid seo a leanas:
(a)
páipéar bán maidir le cripteashócmhainní amhail dá dtagraítear in Airteagal 19 a tharraingt suas le haghaidh an chomhartha sócmhainn-tagartha, an páipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní a thíolacadh lena fhormheas ag údarás inniúil a Ballstáit baile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, agus formheas a fháil ón údarás inniúil maidir leis an bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní;
(b)
fógra a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann, 90 lá oibre ar a laghad roimh an gcomhartha sócmhainn-tagartha a eisiúint den chéad uair, tríd an bhfaisnéis seo a leanas a sholáthar dó:
(i)
clár oibríochtaí, ina leagtar amach an tsamhail ghnó a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa a leanúint;
(ii)
tuairim dhlíthiúil nach gcáilíonn an comhartha sócmhainn-tagartha mar cheachtar díobh seo a leanas:
—
cripteashócmhainn atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(4);
(iii)
tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe rialachais dá dtagraítear in Airteagal 34(1);
(iv)
na beartais agus na nósanna imeachta a liostaítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír;
(v)
tuairisc ar na socruithe conarthacha le heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír;
(vi)
tuairisc ar an mbeartas leanúnachais gnó dá dtagraítear in Airteagal 34(9);
(vii)
tuairisc ar na sásraí rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta um bainistiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 34(10);
(viii)
tuairisc ar na córais agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(11) a choimirciú.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Institiúid creidmheasa a thug fógra roimhe sin don údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, pointe (b), agus comhartha sócmhainn-tagartha eile á eisiúint aici, ní cheanglófar uirthi aon fhaisnéis a thíolaic sí roimhe sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil i gcás ina mbeadh faisnéis den sórt sin comhionann. Agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 1, pointe (b), á tíolacadh, deimhneoidh an institiúid creidmheasa go sainráite go bhfuil aon fhaisnéis nár tíolacadh arís cothrom le dáta fós.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil a fhaigheann fógra dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), measúnú, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis atá liostaithe ann a fháil, i dtaobh ar soláthraíodh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin bpointe sin. I gcás ina dtagann an t-údarás inniúil ar an tátal nach bhfuil fógra comhlánaithe toisc go bhfuil faisnéis in easnamh, cuirfidh sé an institiúid creidmheasa a thug fógra ar an eolas faoi sin láithreach agus leagfaidh sé síos spriocdháta faoina gceanglófar ar an institiúid creidmheasa sin an fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar. Ní bheidh an spriocdháta chun aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar níos faide ná 20 lá oibre ó dháta na hiarrata. Go dtí go rachaidh an spriocdháta sin in éag, cuirfear an tréimhse a leagtar síos le mír 1, pointe (b), ar fionraí. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil aon iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó soiléiriú na faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse a leagtar síos le mír 1, pointe (b), ar fionraí dá mbarr. Ní dhéanfaidh an institiúid creidmheasa tairiscint don phobal ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha ná ní iarrfaidh sí go ligfí isteach an comhartha sócmhainn-tagartha chun a thrádála fad is atá an fógra neamhchomhlánaithe.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Ní bheidh institiúid creidmheasa a eisíonn comharthaí sócmhainn-tagartha, lena n-áirítear comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, faoi réir Airteagail 16, 18, 20, 21, 24, 35, 41 agus 42.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do BCE gan mhoill an fhaisnéis iomlán a fuarthas faoi mhír 1 agus, i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa bunaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil aige nó i gcás ina bhfuil airgeadra oifigiúil Ballstáit nach é an euro é faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha, do bhanc ceannais an Bhallstáit sin freisin. Déanfaidh BCE agus, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír, laistigh de 20 lá oibre ón bhfaisnéis iomlán a fháil, tuairim a eisiúint maidir leis an bhfaisnéis sin agus an tuairim sin a tharchur chuig an údarás inniúil. Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar an institiúid creidmheasa gan an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach chun a thrádála é i gcásanna ina dtugann BCE nó, i gcás inarb infheidhme, banc ceannais an Bhallstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír tuairim dhiúltach ar an bhforas go bhfuil riosca ann d’oibriú rianúil córas íocaíochta, tarchur beartais airgeadaíochta nó ceannasacht airgeadaíochta.
|
|
Airteagal 17 6.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do ESMA an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 109(3) tar éis iomláine na faisnéise a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a fhíorú. Cuirfidh ESMA faisnéis den sórt sin ar fáil sa chlár, faoi Airteagal 109(3), faoi dháta tosaigh na tairisceana don phobal nó an ligin isteach chun trádála.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha in iúl do ESMA, laistigh de 2 lá oibre tar éis an t-údarú a tharraingt siar, gur tarraingíodh siar údarú institiúide creidmheasa a eisíonn comharthaí sócmhainn-tagartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis ar tharraingt siar den sórt sin ar fáil sa chlár faoi Airteagal 109(3) gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 17 8.
|
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú tuilleadh a dhéanamh ar an nós imeachta chun páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhormheas. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|