|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Diúltóidh údaráis inniúla d’údarú i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann lena léirítear na nithe seo a leanas:
(a)
d’fhéadfadh comhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir bagairt a dhéanamh ar a bhainistíocht éifeachtach fhónta stuama agus ar a leanúnachas gnó agus ar aird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh;
(b)
ní chomhlíonann comhaltaí an chomhlachta bainistíochta na critéir a leagtar amach in Airteagal 34(2);
(c)
ní chomhlíonann scairshealbhóirí agus comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu na critéir maidir le dea-cháil leordhóthanach a leagtar amach in Airteagal 34(4);
(d)
mainníonn an t-eisitheoir is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dóigh go mainneoidh sé aon cheann de na ceanglais sin a chomhlíonadh;
(e)
d’fhéadfadh samhail ghnó an eisitheora is iarratasóir a bheith ina bagairt thromchúiseach ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais nó ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta, nó fágann sí go bhfuil an t-eisitheoir nó an earnáil neamhchosanta ar rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|