|
+Airteagal 45 7. |
Airteagal 45 7.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
an t-íosmhéid inneachair atá le bheith sna socruithe rialachais maidir leis an mbeartas luacha saothair dá dtagraítear i mír 1;
(b)
íosmhéid inneachair an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta mar a leagtar amach i mír 3, agus ceanglais leachtachta, lena n-áirítear trí íosmhéid na dtaiscí i ngach airgeadra oifigiúil dá dtagraítear a shonrú, íosmhéid nach féidir a bheith níos ísle ná 60 % den mhéid dá dtagraítear i ngach airgeadra oifigiúil;
(c)
an nós imeachta agus an tréimhse ama atá ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh chun méid a chistí dílse a a choigeartú mar a cheanglaítear le mír 5. I gcás institiúidí creidmheasa, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla a chalabrú agus aon idirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na ceanglais rialála a bhunaítear leis an Rialachán seo agus na ceanglais rialála arna mbunú le gníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin.30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|