|
+Airteagal 46 1. |
Airteagal 46 1.Déanfaidh eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha plean téarnaimh a tharraingt suas agus a choimeád ar bun ina ndéantar foráil maidir le bearta atá le déanamh ag an eisitheoir chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an gcúlchiste sócmhainní a athbhunú i gcásanna nach gcomhlíonann an t-eisitheoir na ceanglais sin. Áireofar sa phlean téarnaimh freisin caomhnú sheirbhísí an eisitheora a bhaineann leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha, aisghabháil thráthúil oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí an eisitheora i gcás teagmhais lena ngabhann riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí. Áireofar sa phlean téarnaimh coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí chun cur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí téarnaimh a áirithiú chomh maith le raon leathan roghanna téarnaimh, lena n-áirítear:
(a)
táillí leachtachta ar fhuascailtí;
(b)
teorainneacha ar mhéid an chomhartha sócmhainn-tagartha is féidir a fhuascailt ar aon lá oibre;
(c)
fionraí fuascailtí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|