+Airteagal 57 Aicmiú roghnach comharthaí ríomh-airgid mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
|
Airteagal 57 Aicmiú roghnach comharthaí ríomh-airgid mar chomharthaí ríomh-airgid suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Féadfaidh eisitheoir comhartha ríomh-airgid atá údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh-airgid, nó a dhéanann iarratas ar údarú den sórt sin, a chur in iúl gur mian leis go n-aicmeofaí a chomhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach Sa chás sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoi iarraidh den sórt sin ón eisitheoir do ÚBE, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 56(3), an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann. Ionas go n-aicmeofar an comhartha ríomh-airgid mar chomhartha suntasach faoin Airteagal seo, léireoidh eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid, trí chlár mionsonraithe oibríochtaí, gur dócha go gcomhlíonfaidh sé trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1).
|
|
Airteagal 57 2.
|
Ullmhóidh ÚBE, laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, dréachtchinneadh ina mbeidh a thuairim bunaithe ar chlár oibríochtaí an eisitheora i dtaobh an gcomhlíonann an comhartha ríomh-airgid trí cinn ar a laghad de na critéir a leagtar amach in Airteagal 43(1) nó an dócha go gcomhlíonfaidh sé iad agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin d’údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora, do BCE agus, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 56(3), an dara fomhír, do bhanc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh 20 lá oibre ag údaráis inniúla eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid den sórt sin, ag BCE agus, i gcás inarb infheidhme, ag banc ceannais an Bhallstáit lena mbaineann ón dáta ar tugadh fógra faoin dréachtchinneadh sin chun barúlacha agus tráchtanna chur ar fáil i scríbhinn. Déanfaidh ÚBE na barúlacha agus na tráchtanna sin a bhreithniú go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.
|
|
Airteagal 57 3.
|
Déanfaidh ÚBE a chinneadh críochnaitheach i dtaobh an aicmeoidh sé comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach laistigh de 60 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin láithreach d’eisitheoir comhartha ríomh-airgid den sórt sin agus dá údarás inniúil.
|
|
Airteagal 57 4.
|
I gcás inar aicmíodh comhartha ríomh-airgid mar chomhartha ríomh-airgid suntasach de bhun cinneadh ó ÚBE arna dhéanamh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, aistreofar na freagrachtaí maoirseachta maidir le heisitheoirí na gcomharthaí ríomh-airgid sin ón údarás inniúil chuig ÚBE i gcomhréir le hAirteagal 117(4) laistigh de 20 lá oibre ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh sin. Oibreoidh ÚBE agus na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile chun aistriú rianúil inniúlachtaí maoirseachta a áirithiú.
|
|
Airteagal 57 5.
|
De mhaolú ar mhír 4, ní aistreofar na freagrachtaí maoirseachta i leith eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil Ballstáit seachas an euro chuig ÚBE, i gcás ina bhfuil nó i gcás ina bhfuiltear ag súil go mbeidh 80 % ar a laghad de líon na sealbhóirí agus de mhéid idirbheart na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha sin comhchruinnithe sa Bhallstát baile. Soláthróidh údarás inniúil Bhallstát baile an eisitheora faisnéis do ÚBE go bliantúil maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar maolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar idirbheart a bheith déanta sa Bhallstát baile nuair atá an t-íocóir nó an t-íocaí bunaithe sa Bhallstát sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|