|
+Airteagal 63 10. |
Airteagal 63 10.Diúltóidh údaráis inniúla údarú mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcás ina bhfuil forais oibiachtúla agus inléirithe ann:
(a)
gur bagairt é comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir ar a bhainistiú éifeachtach, fónta agus stuama agus ar a leanúnachas gnó, agus ar bhreithniú leordhóthanach ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh, nó go gcuireann sé an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir i mbaol tromchúiseach maidir le sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta;
(b)
nach gcomhlíonann comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir na critéir a leagtar amach in Airteagal 68(1);
(c)
nach gcomhlíonann na scairshealbhóirí nó na comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu sa soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir na critéir maidir le dea-cháil leordhóthanach a leagtar amach in Airteagal 68(2);
(d)
mainníonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní is iarratasóir aon cheann de cheanglais an Teidil seo a chomhlíonadh nó is dócha nach gcomhlíonfaidh sé ceanglais an Teidil seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|