+Airteagal 70 Cripteashócmhainní agus cistí na gcliant a shlánchoimeád
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.
|
Airteagal 70 Cripteashócmhainní agus cistí na gcliant a shlánchoimeád
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 70 1.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil cripteashócmhainní a gcliant ina seilbh acu nó a bhfuil na modhanna rochtana acu ar chripteashócmhainní den sórt sin socruithe leordhóthanacha chun cearta úinéireachta na gcliant a choimirciú, go háirithe i gcás dhócmhainneacht an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus chun úsáid chripteashócmhainní na gcliant dá gcuntas féin a chosc.
|
|
Airteagal 70 2.
|
I gcás, de bharr a samhlacha gnó nó na seirbhísí cripteashócmhainní, ina bhfuil ceangal orthu cistí cliant, seachas comharthaí ríomh-airgid, a choinneáil, beidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun cearta úinéireachta na gcliant a choimirciú agus chun úsáid chistí na gcliant dá gcuntas féin a chosc.
|
|
Airteagal 70 3.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, faoi dheireadh an lae gnó tar éis an lae a fuarthas cistí cliant seachas comharthaí ríomh-airgid, na cistí sin a chur i mbanc ceannais nó in institiúid creidmheasa. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gach beart is gá lena áirithiú go ndéanfar cistí cliant seachas comharthaí ríomh-airgid atá á sealbhú ag banc ceannais nó institiúid creidmheasa a choimeád i gcuntas is féidir a aithint go leithleach ó aon chuntais a úsáidtear chun cistí ar leis na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad a choimeád.
|
|
Airteagal 70 4.
|
Féadfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní seirbhísí íocaíochta a bhaineann leis an tseirbhís cripteashócmhainní a tháirgeann siad a sholáthar iad féin, nó trí thríú páirtí, ar choinníoll go n-údaraítear don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní féin, nó don tríú páirtí, na seirbhísí sin a sholáthar faoi Threoir (AE) 2015/2366. I gcás ina soláthraítear seirbhísí íocaíochta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a gcliaint ar an eolas faoi gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
cineál agus téarmaí agus coinníollacha na seirbhísí sin, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme agus do chearta cliant;
(b)
cibé an bhfuil na seirbhísí sin á gcur ar fáil acu go díreach nó ag tríú páirtí.
|
|
Airteagal 70 5.
|
Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta nó institiúidí creidmheasa iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|