+Airteagal 75 Cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 3.
---+Airteagal 75 4.
---+Airteagal 75 5.
---+Airteagal 75 6.
---+Airteagal 75 7.
---+Airteagal 75 8.
---+Airteagal 75 9.
|
Airteagal 75 Cumhdach agus riar cripteashócmhainní a sholáthar thar ceann cliant
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 1.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant comhaontú a thabhairt i gcrích lena gcliaint chun a ndualgais agus a bhfreagrachtaí a shonrú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú den sórt sin:
(a)
céannacht na bpáirtithe sa chomhaontú;
(b)
cineál na seirbhíse cripteashócmhainní a sholáthraítear agus tuairisc ar an tseirbhís sin;
(d)
na modhanna cumarsáide idir an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní agus an cliant, lena n-áirítear córas fíordheimhniúcháin an chliaint;
(e)
tuairisc ar na córais slándála a úsáideann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
(f)
na táillí, na costais agus na muirir a ghearrann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
|
|
Airteagal 75 2.
|
Coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant clár suíomhanna, arna n-oscailt in ainm gach cliaint, a chomhfhreagraíonn do chearta gach cliaint ar na cripteashócmhainní. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní aon ghluaiseachtaí de réir treoracha óna gcuid cliant a thaifeadadh sa chlár sin a luaithe is féidir. I gcásanna den sórt sin, áiritheofar lena nósanna imeachta inmheánacha go léireofar aon ghluaiseacht a mbeidh tionchar aici ar chlárú na gcripteashócmhainní le hidirbheart a chláraítear go tráthrialta i gclár suíomhanna an chliaint.
|
|
Airteagal 75 3.
|
Bunóidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant beartas cumhdaigh ina bhfuil rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha chun slánchoimeád nó rialú cripteashócmhainní den sórt sin a áirithiú, nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní, Leis an mbeartas cumhdaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, íoslaghdófar an riosca go gcaillfí cripteashócmhainní cliant nó na cearta a bhaineann leis na cripteashócmhainní sin nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní mar gheall ar chalaois, cibearbhagairtí nó faillí. Cuirfear achoimre ar an mbeartas cumhdaigh ar fáil do chliaint arna iarraidh sin dóibh i bhformáid leictreonach.
|
|
Airteagal 75 4.
|
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant feidhmiú na gceart a ghabhann leis na cripteashócmhainní a éascú. Déanfar aon teagmhas ar dóigh dó cearta cliaint a chruthú nó a mhodhnú a thaifeadadh láithreach i gclár suíomhanna an chliaint. I gcás ina bhfuil athruithe ar an mbunteicneolaíocht mórleabhar dáilte nó ar aon teagmhas eile ar dócha go gcruthóidh nó go modhnóidh sé cearta cliaint, beidh an cliant i dteideal aon chripteashócmhainní nó aon chearta nuachruthaithe ar bhonn agus ar mhéid shuíomhanna an chliaint tráth a dtarlaíonn an t-athrú nó an teagmhas sin, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sainráite le comhaontú bailí arna shíniú leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant de bhun mhír 1 roimh an athrú nó an teagmhas sin.
|
|
Airteagal 75 5.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant ráiteas ar shuíomh na gcripteashócmhainní atá taifeadta in ainm na gcliant ar fáil dá gcliaint uair amháin gach 3 mhí ar a laghad agus ar an iarraidh ón gcliant lena mbaineann. Is i bhformáid leictreonach a dhéanfar an ráiteas ar shuíomh sin. Sainaithneofar na cripteashócmhainní lena mbaineann, a n-iarmhéid, a luach agus an t-aistriú cripteashócmhainní a rinneadh le linn na tréimhse lena mbaineann sa ráiteas ar shuíomh. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant aon fhaisnéis ar fáil a luaithe is féidir dá gcliaint maidir le hoibríochtaí ar chripteashócmhainní a dteastaíonn freagairt ó na cliaint sin ina leith.
|
|
Airteagal 75 6.
|
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant go gcuirfear nósanna imeachta is gá i bhfeidhm chun go dtabharfar cripteashócmhainní atá á gcoimeád thar ceann a gcliant, nó na bealaí rochtana, ar ais do na cliaint sin a luaithe is féidir.
|
|
Airteagal 75 7.
|
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant sealúchais cripteashócmhainní a leithscaradh thar ceann a gcliant óna sealúchais féin agus áiritheoidh siad go sainaithneofar go soiléir na modhanna rochtana ar chripteashócmhainní a gcliant mar mhodhanna rochtana. Áiritheoidh siad, ar an mórleabhar dáilte, go gcoinneofar cripteashócmhainní a gcliant ar leithligh óna gcripteashócmhainní féin. Déanfar na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach a leithscaradh go dlíthiúil ó eastát an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar mhaithe le leas chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, ionas nach mbeidh aon iontaoibh ag creidiúnaithe an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar chripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe i gcás dócmhainneachta. Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní go ndéanfar na cripteashócmhainní atá á gcoimeád faoi chumhdach a leithscaradh go hoibríochtúil ó eastát an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 75 8.
|
Beidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant faoi dhliteanas dá gcliaint maidir le caillteanas aon chripteashócmhainní nó na modhanna rochtana ar na cripteashócmhainní mar thoradh ar theagmhas atá inchurtha i leith na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Cuirfear uasteorainn le dliteanas an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ag luach margaidh na cripteashócmhainne a cailleadh, tráth a tharla an caillteanas. Áirítear ar theagmhais nach bhfuil inchurtha i leith an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní aon teagmhas a léiríonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina leith gur tharla sé go neamhspleách ar sholáthar na seirbhíse ábhartha, nó go neamhspleách ar oibríochtaí an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, amhail fadhb a bhaineann go dlúth le hoibriú an mhórleabhair dáilte nach rialaíonn an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
Airteagal 75 9.
|
Má bhaineann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant úsáid as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile den tseirbhís sin, ní bhainfidh siad úsáid ach as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 59. Soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant agus a bhaineann úsáid as soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile den tseirbhís sin, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas faoi sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|