|
+Airteagal 81 13. |
Airteagal 81 13.A luaithe a dhéanfar an measúnú oiriúnachta dá dtagraítear i mír 1 nó an t-athbhreithniú air faoi mhír 12, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a thugann comhairle maidir le cripteashócmhainní tuarascáil ar oiriúnacht ar fáil do chliaint lena sonraítear an chomhairle a tugadh agus conas a chomhlíonann an chomhairle sin roghanna, cuspóirí agus saintréithe eile na gcliant. Is i bhformáid leictreonach a dhéanfar an tuairisc agus a chuirfear in iúl do chliaint í. Sa tuairisc sin, ar a laghad:
(a)
áireofar faisnéis nuashonraithe maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1; agus
(b)
soláthrófar achoimre ar an gcomhairle a tugadh. Léireofar go soiléir sa tuarascáil ar oiriúnacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil an chomhairle bunaithe ar eolas agus taithí an chliaint maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i gcripteashócmhainní, ar chuspóirí infheistíochta, lamháltas riosca, staid airgeadais an chliaint agus ar chumas an chliaint caillteanais a iompar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|