+Airteagal 83 Measúnú ar éadálacha beartaithe soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
---+Airteagal 83 1.
---+Airteagal 83 2.
---+Airteagal 83 3.
---+Airteagal 83 4.
---+Airteagal 83 5.
---+Airteagal 83 6.
---+Airteagal 83 7.
---+Airteagal 83 8.
---+Airteagal 83 9.
|
Airteagal 83 Measúnú ar éadálacha beartaithe soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 83 1.
|
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó daoine den sórt sin a ghníomhaíonn de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’) a rinne cinneadh sealúchas cáilitheach a fháil i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin a mhéadú, go díreach nó go hindíreach, ionas go sroichfeadh cion na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear 20 %, 30 % nó 50 % nó níos mó ná sin, nó ionas go mbeadh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ina fhochuideachta, tabharfaidh siad fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin ina léireofar méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 84(4).
|
|
Airteagal 83 2.
|
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh an duine sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil, sula ndéanfaidh an duine sin an sealúchas sin a dhiúscairt, faoina chinneadh agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais sin le fios. Tabharfaidh an duine sin fógra freisin don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní de bheith ina fhochuideachta de chuid an duine sin.
|
|
Airteagal 83 3.
|
Admhóidh an t-údarás inniúil, go pras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ó fhógra a fháil de bhun mhír 1, i scríbhinn go bhfuarthas é.
|
|
Airteagal 83 4.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun na gcaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 84(4) laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal. Agus admháil á tabhairt aige go bhfuarthas an fógra, cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse measúnaithe.
|
|
Airteagal 83 5.
|
Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis údarás inniúil maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta agus aonaid um fhaisnéis airgeadais agus breithneoidh sé a dtuairimí go cuí.
|
|
Airteagal 83 6.
|
Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á dhéanamh acu, féadfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú sin a chur i gcrích a iarraidh ar an bhfaighteoir beartaithe. Déanfar an iarraidh sin sula dtabharfar an measúnú chun críche, agus tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre ón dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra dá dtagraítear i mír 3. Déanfar iarrataí den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá iontu. Cuirfidh an t-údarás inniúil an tréimhse mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4 ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faighte acu. Ní rachaidh an tréimhse fionraí thar 20 lá oibre. Ní bheidh aon fhionraí bhreise ar thréimhse an mheasúnaithe mar thoradh ar aon iarrataí ón údarás inniúil ina dhiaidh sin ar fhaisnéis bhreise nó ar shoiléiriú ar fhaisnéis a fuarthas. Féadfaidh an t-údarás inniúil an fhionraí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a fhadú suas le 30 lá oibre más rud é go bhfuil an faighteoir beartaithe suite lasmuigh den Aontas nó go bhfuil sé á rialáil faoi dhlí tríú tír.
|
|
Airteagal 83 7.
|
An t-údarás inniúil, ar an measúnú dá dtagraítear i mír 4 a thabhairt i gcrích, a chinneann cur in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin don fhaighteoir beartaithe laistigh de 2 lá oibre agus in aon chás roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 6, an dara agus an tríú fomhír. Tabharfar na cúiseanna leis an gcinneadh sin san fhógra.
|
|
Airteagal 83 8.
|
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil in aghaidh na héadála beartaithe dá dtagraítear i mír 1 roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4 arna fhadú, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 6, an dara agus an tríú fomhír, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.
|
|
Airteagal 83 9.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt chun críche, agus féadfaidh siad an uastréimhse sin a fhadú i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|