+Airteagal 88 Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí
---+Airteagal 88 1.
---+Airteagal 88 2.
---+Airteagal 88 3.
---+Airteagal 88 4.
|
Airteagal 88 Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 88 1.
|
Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an pobal a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoin bhfaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 87 agus a bhaineann go díreach leo, ar bhealach ina gcuirfear ar chumas an phobail rochtain thapa a bheith acu ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis. Ní dhéanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí ná daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal a chomhcheangal le margú a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu an fhaisnéis uile ón taobh istigh a bhfuil sé de cheangal orthu í a nochtadh go poiblí a phostáil agus a choinneáil ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 88 2.
|
Féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí agus daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, ar a bhfreagracht féin, moill a chur ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal dá dtagraítear in Airteagal 87 ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is dócha go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha na n-eisitheoirí, na dtairgeoirí agus na ndaoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu, le nochtadh láithreach;
(b)
ní dócha go gcuirfeadh an mhoill a bhaineann leis an nochtadh an pobal ar míthreoir;
(c)
tá eisitheoirí, tairgeoirí nó na daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu in ann rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.
|
|
Airteagal 88 3.
|
I gcás inar chuir eisitheoir, tairgeoir nó duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus soláthróidh sé míniú i scríbhinn faoin gcaoi ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, díreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach gcuirfear taifead den mhíniú sin ar fáil ach amháin arna iarraidh sin don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 88 4.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na modhanna teicniúla a chinneadh do na nithe seo a leanas:
(a)
nochtadh poiblí iomchuí faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear i mír 1; agus
(b)
moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|