+Airteagal 95 Comhar idir na húdaráis inniúla
---+Airteagal 95 1.
---+Airteagal 95 2.
---+Airteagal 95 3.
---+Airteagal 95 4.
---+Airteagal 95 5.
---+Airteagal 95 6.
---+Airteagal 95 7.
---+Airteagal 95 8.
---+Airteagal 95 9.
---+Airteagal 95 10.
---+Airteagal 95 11.
|
Airteagal 95 Comhar idir na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 95 1.
|
Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo. Tabharfaidh na húdaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla na mBallstát eile, agus do ÚBE agus ESMA. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin. I gcás inar leag Ballstáit síos, i gcomhréir le hAirteagal 111(1), an dara fomhír, pionóis choiriúla as na sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear in Airteagal 111(1), an chéad fhomhír, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, le húdaráis ionchúisimh nó le húdaráis um cheartas coiriúil laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ÚBE agus do ESMA freisin, chun a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hoibriú i gcomhar le chéile chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 95 2.
|
Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú le himscrúdú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
d’fhéadfadh cur in iúl faisnéise ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil an Bhallstáit a ndírítear an iarraidh chuige, go háirithe i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile;
(b)
i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a ghníomhaíochtaí imscrúdaithe nó forfheidhmiúcháin féin nó, i gcás inarb ábhartha, ar imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé iarraidh;
(c)
i gcás ina ndearnadh imeachtaí a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha céanna nó i gcoinne na ndaoine dlítheanacha céanna os comhair chúirteanna an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chuige;
(d)
i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana féin i leith na caingne céanna agus i gcoinne an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige.
|
|
Airteagal 95 3.
|
Soláthróidh údaráis inniúla aon fhaisnéis is gá chun críocha an Rialacháin seo gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin.
|
|
Airteagal 95 4.
|
Féadfaidh údarás inniúil cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil de chuid Ballstát eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. Cuirfidh údarás inniúil ÚBE agus ESMA ar an eolas faoi aon iarraidh a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cigireacht ar an láthair nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé:
(a)
an chigireacht ar an láthair nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
(b)
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair;
(c)
cead a thabhairt don údarás inniúil a thíolaic an iarraidh an chigireacht nó an t-imscrúdú a dhéanamh é féin;
(d)
cúraimí sonracha a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
|
|
Airteagal 95 5.
|
I gcás cigireacht ar an láthair nó imscrúdú dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh ESMA, i gcás ina n-iarrfaidh ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t-imscrúdú a chomhordú. I gcás ina mbaineann an chigireacht nó an t-imscrúdú dá dtagraítear i mír 4 le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid nó ina mbaineann siad le heisitheoir seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid, déanfaidh ÚBE, i gcás ina n-iarrfaidh ceann de na húdaráis inniúla é, an chigireacht nó an t-imscrúdú a chomhordú.
|
|
Airteagal 95 6.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a chur faoi bhráid ESMA i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 sna cásanna sin.
|
|
Airteagal 95 7.
|
De mhaolú ar mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla ÚBE a chur ar an eolas i gcásanna inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le faisnéis, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar iarraidh í sin maidir le heisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid, nó maidir le seirbhísí cripteashócmhainní a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó le comharthaí ríomh-airgid. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 sna cásanna sin.
|
|
Airteagal 95 8.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla a maoirseacht a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas, chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun comhoibriú a éascú, chun comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus chun measúnuithe trasdlínse a sholáthar i gcás aon easaontaithe. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, comhlíonfaidh ÚBE agus ESMA ról comhordúcháin idir na húdaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 119 d’fhonn cultúr maoirseachta comhchoiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhleanúnacha a fhorbairt, agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha a áirithiú.
|
|
Airteagal 95 9.
|
I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil nár comhlíonadh ceann de na ceanglais faoin Rialachán seo nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint gurb amhlaidh atá, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach.
|
|
Airteagal 95 10.
|
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú idir údaráis inniúla de bhun mhír 1 a shonrú tuilleadh. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 95 11.
|
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú don chomhar agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|