|
+Airteagal 111 2. |
Airteagal 111 2.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d):
(a)
ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe;
(b)
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an t-iompar sin a dhéanamh in athuair;
(c)
fíneálacha riaracháin uasta dar luach ar a laghad dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na méideanna uasta a leagtar amach sa mhír seo, pointe (d) den mhír seo, maidir le daoine nádúrtha, nó i mír 3 maidir le daoine dlítheanacha;
(d)
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta dar luach EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an 29 Meitheamh 2023. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|