|
+Airteagal 111 5. |
Airteagal 111 5.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás na sáruithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (e), go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur agus na bearta riaracháin seo a leanas ar a laghad a ghlacadh:
(a)
ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;
(b)
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an iompar sin a dhéanamh an athuair;
(c)
aon bhrabús a gnóthaíodh nó aon chaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú a fhorghéilleadh a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(d)
údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;
(e)
toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
(f)
i gcás sárú leantach ar Airteagal 89, 90, 91 nó 92, toirmeasc 10 mbliana ar a laghad ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
(g)
toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó dhéileáil ar a chuntas féin;
(h)
fíneálacha riaracháin uasta dar luach ar a laghad trí oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, fiú más mó é sin ná na méideanna uasta a leagtar amach i bpointe (i) nó (j), de réir mar is infheidhme;
(i)
i leith duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 1 000 000 ar a laghad as sáruithe ar Airteagal 88 agus EUR 5 000 000 as sáruithe ar Airteagail 89 go 92 nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 29 Meitheamh 2023;
(j)
i leith daoine dlítheanacha, fíneálacha uasta riaracháin de ar a laghad EUR 2 500 000 as sáruithe ar Airteagal 88 agus EUR 15 000 000 as sáruithe ar Airteagail 89 go 92, nó 2 % as sáruithe ar Airteagal 88 agus 15 % as sáruithe ar Airteagail 89 go 92 de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh, de réir na gcuntas is deireanaí atá ar fáil atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra oifigiúil acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra oifigiúil an 29 Meitheamh 2023. Chun críche phointe (j) den chéad fhomhír, i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|