|
+Airteagal 112 1. |
Airteagal 112 1.Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó beart eile riaracháin atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 111 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(c)
leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(d)
láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(e)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;
(f)
caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid agus is féidir iad sin a chinneadh;
(g)
leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé, a áirithiú;
(h)
sáruithe arna ndéanamh roimhe sin ar an Rialachán seo ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú;
(i)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú chun athdhéanamh an tsáraithe a chosc;
(j)
tionchar an tsáraithe ar leasanna sealbhóirí cripteashócmhainní agus ar leasanna cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, go háirithe sealbhóirí miondíola. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|