|
+Airteagal 130 3. |
Airteagal 130 3.Agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 nó 2 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚBE cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na nithe seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
a chinneadh an ndearnadh coir airgeadais, ar éascaíodh coir airgeadais nó an bhfuil, ar bhealach eile, coir airgeadais inchurtha ina leith;
(c)
ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta, beartais agus bearta bainistithe riosca eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(d)
cibé acu d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(e)
méid freagrachta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;
(f)
láidreacht airgeadais eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(g)
tionchar an tsáraithe ar leasanna shealbhóirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó na gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(h)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú nó na gcaillteanas do thríú páirtithe mar thoradh ar an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(i)
leibhéal comhair eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh, atá freagrach as an sárú le ÚBE, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(j)
sáruithe roimhe sin ag eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó ag eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh atá freagrach as an sárú;
(k)
bearta a rinne eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid shuntasaigh tar éis an tsáraithe ionas nach dtarlóidh sárú den sórt sin arís. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|