|
+Airteagal 145 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 |
Airteagal 145 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010Airteagal 145 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *9 ), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *10 ), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *11 ) agus Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *12 ), agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, eisitheoirí nó táirgeoirí cripteashócmhainní, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|