+TEIDEAL IX FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 140 Tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo
------+Airteagal 140 1.
------+Airteagal 140 2.
------+Airteagal 140 3.
---+Airteagal 141 Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh
---+Airteagal 142 Tuarascáil ar na forbairtí is déanaí ar chripteashócmhainní
------+Airteagal 142 1.
------+Airteagal 142 2.
---+Airteagal 143 Bearta idirthréimhseacha
------+Airteagal 143 1.
------+Airteagal 143 2.
------+Airteagal 143 3.
------+Airteagal 143 4.
------+Airteagal 143 5.
------+Airteagal 143 6.
------+Airteagal 143 7.
---+Airteagal 144 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
---+Airteagal 145 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
---+Airteagal 146 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
---+Airteagal 147 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
---+Airteagal 148 Leasuithe ar Threoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 a thrasuí
------+Airteagal 148 1.
------+Airteagal 148 2.
---+Airteagal 149 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
------+Airteagal 149 1.
------+Airteagal 149 2.
------+Airteagal 149 3.
------+Airteagal 149 4.
|
TEIDEAL IX FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
TEIDEAL IX FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 140 Tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo
|
|
|
Airteagal 141 Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh
|
Airteagal 141
Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh
Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na forbairtí i margaí i gcripteashócmhainní. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí.
Beidh na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
(a)
líon na n-eisiúintí cripteashócmhainní san Aontas, líon na bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil nó ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla, cineál na gcripteashócmhainní a eisíodh agus a gcaipitliú margaidh, líon na gcripteashócmhainní a ligeadh isteach chun a dtrádála;
(b)
líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha;
(c)
líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;
(d)
líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a údaraítear, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla atá faoi thagairt ag na comharthaí ríomh-airgid, comhdhéanamh agus méid na gcistí arna dtaisceadh nó arna n-infheistiú i gcomhréir le hAirteagal 54, agus méid na n-íocaíochtaí arna dhéanamh i gcomharthaí ríomh-airgid;
(e)
líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla dá dtagraítear sna comharthaí ríomh-airgid suntasacha, anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní, agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(f)
líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha;
(g)
meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint san Aontas;
(h)
i gcás inar féidir, meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint lasmuigh den Aontas agus míniú ar infhaighteacht na sonraí ina leith sin;
(i)
mapáil ar an suíomh geografach agus leibhéal na nósanna imeachta ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ agus díchill chuí custaiméara maidir le malartuithe neamhúdaraithe lena soláthraítear seirbhísí i gcripteashócmhainní d’áitritheoirí an Aontais, lena n-áirítear líon na malartuithe gan sainchónaí soiléir agus líon na malartuithe atá lonnaithe i ndlínsí atá san áireamh sa liosta de thríú tíortha ardriosca chun críocha rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, nó ar liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, arna n-aicmiú de réir an leibhéil chomhlíonta le nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’;
(j)
cion na n-idirbheart i gcripteashócmhainní a tharlaíonn trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó trí sholáthraí seirbhísí neamhúdaraithe nó idir piaraí, agus méid a n-idirbheart;
(k)
líon agus luach na calaoise, na gcamscéimeanna, na haiceála, úsáid na gcripteashócmhainní le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hionsaithe bogearraí éirice, le cibirionsaithe, agus gadaíocht nó cailliúint na gcripteashócmhainní a thuairiscítear san Aontas, na cineálacha iompraíochta calaoisí, an líon gearán arna bhfáil ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, an líon gearán arna bhfáil ag na húdaráis inniúla agus ábhair na ngearán arna bhfáil;
(l)
líon na ngearán a fuair soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eisitheoirí agus údaráis inniúla i ndáil le faisnéis bhréagach agus mhíthreorach atá sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní nó i gcumarsáid mhargaíochta, lena n-áirítear trí ardáin meán sóisialta;
(m)
cuir chuige agus roghanna féideartha, bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar thuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, chun an riosca go rachfaí timpeall ar an Rialachán seo a laghdú, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí cripteashócmhainní a bheith á soláthar gan údarú ag gníomhaithe tríú tír san Aontas.
Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá do ESMA chun an tuarascáil a ullmhú. Chun críocha na tuarascála, féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh ar ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí.
|
|
Airteagal 142 Tuarascáil ar na forbairtí is déanaí ar chripteashócmhainní
|
|
|
Airteagal 143 Bearta idirthréimhseacha
|
|
|
Airteagal 144 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
|
Airteagal 144
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE (
*1
), Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (
*2
), Threoir 2013/36/AE (
*3
), Threoir 2014/49/AE (
*4
), Threoir 2014/92/AE (
*5
), Threoir (AE) 2015/2366 (
*6
) agus Rialachán (AE) 2023/1114 (
*7
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (
*8
).
|
|
Airteagal 145 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
|
Airteagal 145
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*9
), Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*10
), Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*11
) agus Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*12
), agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n-aonaid nó ar a scaireanna, eisitheoirí nó táirgeoirí cripteashócmhainní, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE agus 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.
|
|
Airteagal 146 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
|
Airteagal 146
Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:
‘15.
Ríomh-airgead lena n-áirítear comharthaí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*13
) a eisiúint.
16.
Comharthaí sócmhainn-tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (AE) 2023/1114 a eisiúint.
17.
Seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
Airteagal 147 Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
|
Airteagal 147
Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
I gCuid I.B den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
‘(xxii)
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40)’.
|
|
Airteagal 148 Leasuithe ar Threoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 a thrasuí
|
|
|
Airteagal 149 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|