+Airteagal 14 Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid thrédhearcach agus modúlachtaí trédhearcacha i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
|
Airteagal 14 Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid thrédhearcach agus modúlachtaí trédhearcacha i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Déanfaidh an rialaitheoir bearta iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 16 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 17 go Airteagal 24 agus Airteagal 35 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá achomair, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus úsáidfear teanga shoiléir shimplí, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur cruthaíodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 17 go Airteagal 24. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 12(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 17 go Airteagal 24, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé nó sí in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 17 go Airteagal 24 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé nó sí an méid sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 1 mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de 1 mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon ghníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leigheas breithiúnach a lorg.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 15 agus Airteagal 16 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomhaíochtaí a dhéanfar faoi Airteagal 17 go Airteagal 24 agus Airteagal 35. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir diúltú gníomhú de réir na hiarrata. Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.
|
|
Airteagal 14 6
|
6. Gan dochar d’Airteagal 12, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an rialaitheoir maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 17 go Airteagal 23, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.
|
|
Airteagal 14 7
|
7. An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 16, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.
|
|
Airteagal 14 8
|
8. I gcás ina ndéanann an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) 2016/679 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe, déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, nuair is iomchuí sin, an fhaisnéis a chur ar fáil de bhun Airteagal 15 agus Airteagal 16 den Rialachán seo in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe den sórt sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|