+Airteagal 15 Faisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear na sonraí ón ábhar sonraí
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
|
Airteagal 15 Faisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear na sonraí ón ábhar sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. I gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí, an tráth a fhaightear na sonraí pearsanta:
|
(a)
|
céannacht agus mionsonraí teagmhála an rialaitheora;
|
|
(b)
|
mionsonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;
|
|
(c)
|
críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;
|
|
(d)
|
faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;
|
|
(e)
|
i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé acu is ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 48, tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó an áit ar cuireadh iad ar fáil.
|
|
|
Airteagal 15 2
|
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an tráth a fhaigheann an rialaitheoir sonraí pearsanta, soláthróidh sé don ábhar sonraí an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú:
|
(a)
|
tréimhse ina stóralfar na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
|
|
(b)
|
is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó, i gcás inarb infheidhme, más ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála nó an ceart chun iniomparthacht sonraí;
|
|
(c)
|
i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (d) d’Airteagal 5(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 10(2), is ann don cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
|
|
(d)
|
an ceart gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
|
|
(e)
|
más ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é atá riachtanach chun conradh a dhéanamh, agus má tá oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin;
|
|
(f)
|
is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, faisnéis fhónta ar an loighic lena mbaineann, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 15 3
|
3. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch ar bailíodh na sonraí pearsanta chuici, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis bhreise ábhartha dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Ní bheidh feidhm ag mír 1, mír 2 ná mír 3 i gcás ina bhfuil, agus a mhéid go bhfuil, an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|