+Airteagal 15 2
|
Airteagal 15 2
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an tráth a fhaigheann an rialaitheoir sonraí pearsanta, soláthróidh sé don ábhar sonraí an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú:
|
(a)
|
tréimhse ina stóralfar na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
|
|
(b)
|
is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó, i gcás inarb infheidhme, más ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála nó an ceart chun iniomparthacht sonraí;
|
|
(c)
|
i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (d) d’Airteagal 5(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 10(2), is ann don cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
|
|
(d)
|
an ceart gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
|
|
(e)
|
más ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é atá riachtanach chun conradh a dhéanamh, agus má tá oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin;
|
|
(f)
|
is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, faisnéis fhónta ar an loighic lena mbaineann, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|