+Airteagal 16 An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí
---+Airteagal 16 1
---+Airteagal 16 2
---+Airteagal 16 3
---+Airteagal 16 4
---+Airteagal 16 5
---+Airteagal 16 6
|
Airteagal 16 An fhaisnéis a bheidh le soláthar i gcás nár bailíodh na sonraí ón ábhar sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1
|
1. I gcás nár bailíodh na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas don ábhar sonraí:
|
(a)
|
céannacht agus mionsonraí teagmhála an rialaitheora;
|
|
(b)
|
mionsonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;
|
|
(c)
|
críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta beartaithe chomh maith leis an mbunús dlí don phróiseáil;
|
|
(d)
|
catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann;
|
|
(e)
|
faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;
|
|
(f)
|
i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir sonraí pearsanta a aistriú chuig faighteoir i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta agus cibé acu is ann nó nach ann do chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, nó i gcás na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 48, tagairt do na coimircí iomchuí nó oiriúnacha agus na bealaí chun cóip díobh a fháil nó an áit a bhfuil siad ar fáil.
|
|
|
Airteagal 16 2
|
2. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:
|
(a)
|
an tréimhse ar lena linn a stórálfar na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
|
|
(b)
|
más ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó, i gcás inarb infheidhme, más ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála nó an ceart chun iniomparthacht sonraí;
|
|
(c)
|
i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (d) d’Airteagal 5(1) nó ar phointe (a) d’Airteagal 10(2), gurb ann don cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
|
|
(d)
|
an ceart gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
|
|
(e)
|
an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, má tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;
|
|
(f)
|
is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, faisnéis fhónta ar an loighic lena mbaineann, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 16 3
|
3. Soláthróidh an rialaitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:
|
(a)
|
laistigh de thréimhse réasúnta tar éis na sonraí pearsanta a fháil, ach laistigh de 1 mhí amháin ar a dhéanaí, ag féachaint do na himthosca sonracha ina ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil;
|
|
(b)
|
má tá na sonraí pearsanta le húsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an ábhar sonraí, ar a dhéanaí tráth a dhéantar an chéad chumarsáid leis an ábhar sonraí sin; nó
|
|
(c)
|
má tá sé beartaithe na sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoir eile, ar a dhéanaí tráth a nochtar na sonraí den chéad uair.
|
|
|
Airteagal 16 4
|
4. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an rialaitheoir na sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críche seachas an chríoch a bhfuarthas na sonraí pearsanta chuici, cuirfidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an tuilleadh próiseála sin, faisnéis ar fáil don ábhar sonraí faoin gcríoch eile sin mar aon le haon fhaisnéis ábhartha bhreise dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 16 5
|
5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás an mhéid seo a leanas, agus a mhéid gur fíor é:
|
(a)
|
tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí;
|
|
(b)
|
tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a chur ar fáil nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena cur ar fáil, go háirithe chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh nó a mhéid is dócha a fhágfaidh an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach féidir aidhmeanna na próiseála sin a thabhairt i gcrích nó go ndéantar dochar mór d’aidhmeanna na próiseála a thabhairt i gcrích;
|
|
(c)
|
leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais, lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint; nó
|
|
(d)
|
i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais, lena n-áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil.
|
|
|
Airteagal 16 6
|
6. Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5, déanfaidh an rialaitheoir bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí agus leas dlisteanach an ábhair sonraí a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|