+Airteagal 25 Srianta
---+Airteagal 25 1
---+Airteagal 25 2
---+Airteagal 25 3
---+Airteagal 25 4
---+Airteagal 25 5
---+Airteagal 25 6
---+Airteagal 25 7
---+Airteagal 25 8
|
Airteagal 25 Srianta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1
|
1. Is féidir, le gníomhartha dlí arna nglacadh ar bhonn na gConarthaí nó, i ndáil le hábhair a bhaineann le hoibriú institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, le rialacha inmheánacha arna leagan síos ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais, srianadh a dhéanamh ar fheidhmiú Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, chomh maith le hAirteagal 4 fad agus a thagann forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go Airteagal 22, nuair atá srianadh den sórt sin ag luí le bunéirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, agus nuair is beart riachtanach comhréireach atá ann i sochaí dhaonlathach chun coimirciú a dhéanamh orthu seo a leanas:
|
(a)
|
an tslándáil náisiúnta, an tslándáil phoiblí nó cosaint na mBallstát;
|
|
(b)
|
cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin;
|
|
(c)
|
cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais nó Ballstáit, go háirithe cuspóirí chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais nó leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, lena n-áirítear ábhair airgeadaíochta, bhuiséadacha agus chánachais, sláinte phoiblí agus slándáil shóisialta;
|
|
(d)
|
slándáil inmheánach institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear a gcuid líonraí cumarsáide leictreonaí;
|
|
(e)
|
neamhspleáchas na mbreithiúna agus imeachtaí breithiúnacha a chosaint;
|
|
(f)
|
sáruithe eitice a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh i gcás gairmeacha rialáilte;
|
|
(g)
|
feidhm faireacháin, imscrúdúcháin nó rialála a bhfuil baint aici, fiú go hócáideach, le feidhmiú údaráis oifigiúil sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (c).
|
|
(h)
|
an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint;
|
|
(i)
|
éilimh faoin dlí sibhialta a fhorfheidhmiú.
|
|
|
Airteagal 25 2
|
2. Go háirithe, beidh forálacha sonracha in aon ghníomh dlí nó riail inmheánach dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála;
|
|
(b)
|
catagóirí na sonraí pearsanta;
|
|
(c)
|
raon feidhme na srianta a thugtar isteach;
|
|
(d)
|
na coimircí chun droch-úsáid a chosc nó chun rochtain nó aistriú neamhdhleathach a chosc;
|
|
(e)
|
an rialaitheoir nó na catagóirí rialaitheoirí a shonrú;
|
|
(f)
|
na tréimhsí stórála agus na coimircí is infheidhme agus cineál, raon feidhme agus críocha na próiseála nó na gcatagóirí próiseála á gcur san áireamh; agus
|
|
(g)
|
na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 25 3
|
3. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, féadfar foráil a dhéanamh le dlí an Aontais, lena bhféadfaí rialacha inmheánacha arna nglacadh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais maidir le hábhair a bhaineann lena n-oibríocht a áireamh, maidir le maoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 17, 18, 20 agus 23 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 13 a mhéid is dóichí go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sin a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid atá gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 25 4
|
4. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, féadfar foráil a dhéanamh le dlí an Aontais, lena bhféadfaí rialacha inmheánacha arna nglacadh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais maidir le hábhair a bhaineann lena n-oibríocht a áireamh, maidir le maoluithe ó na cearta dá dtagraítear in Airteagal 17, 18, 20, 21, 22 agus 23 faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 13 a mhéid is dóiche go bhfágann cearta den sórt sin nach féidir na críocha sonracha a bhaint amach nó go gcuirfear bac tromchúiseach ar a mbaint amach, agus a mhéid atá gá le maoluithe den sórt sin chun na críocha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 25 5
|
5. Is gníomhartha soiléire agus cruinne a bhfuil feidhm ghinearálta leo a bheartaítear le héifeachtaí dlíthiúla a bheith ann i leith ábhair sonraí, a ghlactar ar an leibhéal bainistíochta is airde in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais a bheidh sna rialacha inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, mír 3 agus mír 4 agus beidh siad faoi réir a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 25 6
|
6. Má chuirtear srian i bhfeidhm de bhun mhír 1, cuirfear in iúl don ábhar sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais, na príomhchúiseanna is bun leis an srian a chur i bhfeidhm agus go bhfuil de cheart aige nó aici gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
|
|
Airteagal 25 7
|
7. Má bhítear ag brath ar shrianadh arna fhorchur de bhun mhír 1 maidir le rochtain a dhiúltú don ábhar sonraí, ní chuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, le linn imscrúdú a dhéanamh faoin ngearán, an t-ábhar sonraí ar an eolas ach amháin maidir le cibé acu a rinneadh na sonraí a phróiseáil mar is ceart nó nach ndearnadh agus, mura ndearnadh, má rinneadh aon choigeartú riachtanach.
|
|
Airteagal 25 8
|
8. Féadfar soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 6 agus mír 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 45(2) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú dá gcuirfeadh soláthar na faisnéise tionchar an tsrianta a forchuireadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo ar ceal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|