1. I gcás ina gcinneann dhá rialaitheoir nó níos mó nó rialaitheoir amháin nó níos mó in éineacht le rialaitheoir amháin nó níos mó seachas institiúidí nó comhlachtaí an Aontais go comhpháirteach, críocha agus bealaí na próiseála, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha. Cinnfidh siad, ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí a bheidh orthu faoi seach maidir lena n-oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh, go háirithe maidir le feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí agus na dualgais a bheidh orthu faoi seach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus Airteagal 16 a sholáthar, trí chomhshocrú eatarthu, mura rud é gur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a chinntear na freagrachtaí atá ar na rialaitheoirí comhpháirteacha faoi seach, nó a mhéid ar leis na dlíthe sin a chinntear na freagrachtaí atá orthu, agus ar faoina réir atá na rialaitheoirí comhpháirteacha. Faoin gcomhshocrú, féadfar pointe teagmhála a ainmniú do na hábhair sonraí.