+Airteagal 34 Fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta
---+Airteagal 34 1
---+Airteagal 34 2
---+Airteagal 34 3
---+Airteagal 34 4
---+Airteagal 34 5
---+Airteagal 34 6
|
Airteagal 34 Fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1
|
1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, déanfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ach amháin nuair nach dócha go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta. I gcás nach dtugtar an fógra sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí laistigh de 72 uair an chloig, gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an moill leis an bhfógra.
|
|
Airteagal 34 2
|
2. Cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas gan moill mhíchuí a luaithe a thuigeann sé nó sí gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 34 3
|
3. Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir, na catagóirí agus neas-líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus neas-líon na dtaifead sonraí pearsanta lena mbaineann;
|
|
(b)
|
cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí in iúl;
|
|
(c)
|
tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;
|
|
(d)
|
tabharfar tuairisc ar na bearta atá déanta ag an rialaitheoir nó atá beartaithe aige a dhéanamh le haghaidh a thabhairt ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag an sárú a mhaolú.
|
|
|
Airteagal 34 4
|
4. I gcás nach féidir, agus a mhéid nach féidir, an fhaisnéis go léir a chur ar fáil ag an am céanna, féadfar an fhaisnéis a sholáthar i gcéimeanna gan tuilleadh moille míchuí.
|
|
Airteagal 34 5
|
5. Cuirfidh an rialaitheoir in iúl don oifigeach cosanta sonraí gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 34 6
|
6. Déanfaidh an rialaitheoir aon sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, lena n-áirítear na fíricí a bhaineann leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, na héifeachtaí a bhaineann leis agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh. Leis an doiciméadacht sin, cuirfear ar chumas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a fhíorú an bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|