1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, déanfaidh an rialaitheoir, gan aon mhoill mhíchuí agus, más féidir, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ach amháin nuair nach dócha go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta. I gcás nach dtugtar an fógra sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí laistigh de 72 uair an chloig, gabhfaidh na cúiseanna a bhí leis an moill leis an bhfógra.