+Airteagal 40 Réamhchomhairliúchán
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2
---+Airteagal 40 3
---+Airteagal 40 4
|
Airteagal 40 Réamhchomhairliúchán
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1
|
1. I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 39 go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag gabháil leis an bpróiseáil in éagmais coimircí, bearta slándála agus sásraí chun an riosca a mhaolú, agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir den tuairim nach bhféadfaí an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach ó thaobh na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus ó thaobh na gcostas cur chun feidhme, rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí maidir leis an ngá atá le réamhchomhairliúchán.
|
|
Airteagal 40 2
|
2. I gcás ina measann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse 8 seachtaine ar a mhéad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, i gcás inarb infheidhme maidir leis an bpróiseálaí, agus féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige nó aici dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh 6 seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de 1mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis a d’iarr an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.
|
|
Airteagal 40 3
|
3. Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir na nithe seo a leanas ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí:
|
(a)
|
i gcás inarb infheidhme, freagrachtaí an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil faoi seach;
|
|
(b)
|
críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;
|
|
(c)
|
na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;
|
|
(d)
|
sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;
|
|
(e)
|
an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 39; agus
|
|
(f)
|
aon fhaisnéis eile arna hiarraidh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
|
|
|
Airteagal 40 4
|
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, liosta a shocrú de na cásanna ina rachaidh na rialaitheoirí i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus ina bhfaighidh siad údarú roimh ré ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfaidh an rialaitheoir cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear próiseáil sonraí den sórt sin i ndáil le cosaint shóisialta agus sláinte phoiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|