1. I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 39 go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag gabháil leis an bpróiseáil in éagmais coimircí, bearta slándála agus sásraí chun an riosca a mhaolú, agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir den tuairim nach bhféadfaí an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach ó thaobh na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus ó thaobh na gcostas cur chun feidhme, rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí maidir leis an ngá atá le réamhchomhairliúchán.