+Airteagal 45 Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí
---+Airteagal 45 1
---+Airteagal 45 2
---+Airteagal 45 3
|
Airteagal 45 Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45 1
|
1. Beidh na cúraimí seo a leanas ag an oifigeach cosanta sonraí:
|
(a)
|
fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun forálacha eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí;
|
|
(b)
|
a áirithiú ar bhealach neamhspleách go bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm go hinmheánach; faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí infheidhme eile de chuid an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le cosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;
|
|
(c)
|
a áirithiú go gcuirtear ábhair sonraí ar an eolas faoi na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo;
|
|
(d)
|
comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 34 agus Airteagal 35;
|
|
(e)
|
comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 39 agus dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcás amhras faoin ngá le measúnú tionchair ar chosaint sonraí;
|
|
(f)
|
comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an ngá le comhairliúchán roimh ré a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun Airteagal 40; dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcás amhras faoin ngá le comhairliúchán roimh ré;
|
|
(g)
|
freagairt a thabhairt ar iarrataí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; laistigh de raon feidhme a inniúlachta nó a hinniúlachta, dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint arna iarraidh sin aige nó aici nó ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin.
|
|
(h)
|
a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála dochar do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 45 2
|
2. Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí moltaí a dhéanamh leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí maidir le feabhas praiticiúil a chur ar an gcosaint sonraí agus comhairle a chur orthu maidir le forálacha i ndáil le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm. Féadfaidh sé nó sí, anuas air sin, dá thionscnamh nó dá tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, ag an gCoiste Foirne lena mbaineann nó ag duine aonair ar bith, imscrúdú a dhéanamh ar ábhar agus ar tharluithe a bhaineann lena chúram nó a cúram agus a thagann chun a aire nó a haire, agus tuairisciú ar ais, mar is iomchuí, don té a d’iarr an t-imscrúdú nó don rialaitheoir nó don phróiseálaí.
|
|
Airteagal 45 3
|
3. Glacfaidh gach institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais rialacha breise cur chun feidhme maidir leis an oifigeach cosanta sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme go háirithe le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí an oifigigh cosanta sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|