+Airteagal 53 An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a cheapadh
---+Airteagal 53 1
---+Airteagal 53 2
---+Airteagal 53 3
---+Airteagal 53 4
---+Airteagal 53 5
---+Airteagal 53 6
---+Airteagal 53 7
|
Airteagal 53 An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a cheapadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1
|
1. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de thoil a chéile an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar feadh téarma 5 bliana bunaithe ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún tar éis glao poiblí ar iarrthóirí. Cuirfidh an glao poiblí ar iarrthóirí ar chumas na bpáirtithe leasmhara ar fad ar fud an Aontais a n-iarratas a chur isteach. Is liosta poiblí a bheidh sa liosta iarrthóirí arna tharraingt suas ag an gCoimisiún agus beidh triúr iarrthóirí ar a laghad ann. Ar bhonn an liosta sin arna tharraingt suas ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste inniúil i bParlaimint na hEorpa cinneadh a dhéanamh éisteacht a eagrú d’fhonn a chéad rogha a chur in iúl.
|
|
Airteagal 53 2
|
2. Na daoine a bheidh ar liosta de na hiarrthóirí dá dtagraítear i mír 1, is daoine a bheidh iontu nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil de chlú orthu go bhfuil saineolas ar chosaint sonraí acu mar aon leis an taithí agus na scileanna is gá chun dualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 53 3
|
3. Beidh téarma oifige an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí in-athnuaite aon uair amháin.
|
|
Airteagal 53 4
|
4. Tiocfaidh deireadh le dualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sna himthosca seo a leanas:
|
(a)
|
má chuirtear duine eile in ionad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí;
|
|
(b)
|
má éiríonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí as oifig;
|
|
(c)
|
má bhristear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí as an bpost nó má thugtar air nó uirthi glacadh le scor éigeantach.
|
|
|
Airteagal 53 5
|
5. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bhriseadh as an bpost nó a cheart nó a ceart ar phinsean nó ar shochair eile ina ionad nó ina hionad sin a bhaint de nó dí mura bhfuil na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a dhéanamh á gcomhlíonadh aige nó aici nó má tá sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach.
|
|
Airteagal 53 6
|
6. I gcás gnáthathrú nó scor deonach, fanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí in oifig ina ainneoin sin go gcuirfear duine eile ina ionad nó ina hionad.
|
|
Airteagal 53 7
|
7. Beidh feidhm ag Airteagal 11, Airteagal 14 agus Airteagal 17 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|