+Airteagal 54 Rialacháin agus coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, foireann agus acmhainní airgeadais
---+Airteagal 54 1
---+Airteagal 54 2
---+Airteagal 54 3
---+Airteagal 54 4
---+Airteagal 54 5
---+Airteagal 54 6
|
Airteagal 54 Rialacháin agus coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, foireann agus acmhainní airgeadais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1
|
1. Measfar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheith ar aon chéim le breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais a mhéid a bhaineann le luach saothair, liúntais, pinsean scoir agus aon sochar eile in ionad luach saothair a chinneadh.
|
|
Airteagal 54 2
|
2. Áiritheoidh an t-údarás buiséid go gcuirtear na hacmhainní daonna agus airgeadais ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí is gá chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 54 3
|
3. Taispeánfar buiséad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí faoi cheannteideal buiséid ar leith sa roinn a bhaineann le caiteachas riaracháin de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 54 4
|
4. Beidh cúnamh ó rúnaíocht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Ceapfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí oifigigh agus comhaltaí eile foirne na rúnaíochta agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gceannas orthu. Is faoi réir a stiúir amháin a bheidh siad. Socrófar líon na foirne gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach. Beidh feidhm ag Airteagal 75(2) de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le foireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá bainteach le comhlíonadh na gcúraimí arna sannadh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí ag dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 54 5
|
5. Beidh oifigigh agus comhaltaí eile foirne rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí faoi réir na rialacha agus na rialachán is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 54 6
|
6. Beidh suíomh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sa Bhruiséil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|