4. Beidh cúnamh ó rúnaíocht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Ceapfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí oifigigh agus comhaltaí eile foirne na rúnaíochta agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gceannas orthu. Is faoi réir a stiúir amháin a bheidh siad. Socrófar líon na foirne gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach. Beidh feidhm ag Airteagal 75(2) de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le foireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá bainteach le comhlíonadh na gcúraimí arna sannadh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí ag dlí an Aontais.