+Airteagal 66 1
|
Airteagal 66 1
1. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí agus ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ag brath ar imthosca gach cáis faoi leith, i gcás nach gcomhlíonann institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais ordú ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí de bhun phointí (d) go (h) agus (j) d’Airteagal 58(2). Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, le haird ar chineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann chomh maith le líon na n-ábhar sonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
|
|
(b)
|
aon ghníomhaíocht a rinne an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;
|
|
(c)
|
méid na freagrachta atá ar an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 27 agus Airteagal 33 á gcur san áireamh;
|
|
(d)
|
aon sárú den chineál céanna a rinne an institiúid nó an comhlacht de chuid an Aontais roimhe;
|
|
(e)
|
leibhéal an chomhoibrithe leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;
|
|
(f)
|
na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;
|
|
(g)
|
an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;
|
|
(h)
|
le haon cheann de na bearta a ordaíodh dá dtagraítear in Airteagal 58 i gcoinne na hinstitiúide nó na comhlachta de chuid an Aontais lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin a chomhlíonadh. Déanfar na himeachtaí óna dtagann gearradh na bhfíneálacha sin laistigh de thréimhse ama réasúnach i gcomhréir le himthosca an cháis, agus na bearta ábhartha agus na himeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 69 á gcur san áireamh.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|