1. Déanfaidh an rialaitheoir bearta réasúnacha chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 79 a chur ar fáil agus déanfaidh sé aon chumarsáid maidir le hAirteagal 80 go Airteagal 84 agus Airteagal 92 a bhaineann le próiseáil leis an ábhar sonraí i bhfoirm atá achomair, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus ina n-úsáidtear teanga shoiléir shimplí. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil trí aon mheán iomchuí, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach. Mar riail ghinearálta, cuirfidh an rialaitheoir an fhaisnéis ar fáil san fhoirm chéanna leis an iarraidh.