|
+Airteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí ---+Article 9 1. ---+Article 9 2. ---+Article 9 3. |
Airteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidíAirteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí 1. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a n-údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán cur chun feidhme, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann. 2. Tabharfar fógra don Choimisiún Riaracháin faoi aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích chun na críche sin agus liostófar in Iarscríbhinn 1 den Rialachán cur chun feidhme iad. 3. Forálacha atá i gcomhaontuithe cur chun feidhme a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó a raibh an cuspóir céanna acu, nó ar comhchosúil iad, leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, agus a bheidh i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, agus a áirítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 574/72, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu, chun críocha an chaidrimh idir na Ballstáit sin, ar chuntar go n-áirítear iad freisin in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|