+CHAPTER III Other general provisions for the application of the basic Regulation
---+Airteagal 8 Socruithe riaracháin idir dhá Bhallstát nó níos mó
------+Article 8 1.
------+Article 8 2.
---+Airteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí
------+Article 9 1.
------+Article 9 2.
------+Article 9 3.
---+Airteagal 10 Forluí sochar a chosc
---+Airteagal 11 Eilimintí chun cónaí a chinneadh
------+Article 11 1.
------+Article 11 2.
---+Airteagal 12 Comhshuimiú tréimhsí
------+Article 12 1.
------+Article 12 2.
------+Article 12 3.
------+Article 12 4.
------+Article 12 5.
------+Article 12 6.
---+Airteagal 13 Rialacha maidir le comhshó tréimhsí
------+Article 13 1.
------+Article 13 2.
------+Article 13 3.
------+Article 13 4.
|
CHAPTER III Other general provisions for the application of the basic Regulation
CHAPTER III Other general provisions for the application of the basic Regulation
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 Socruithe riaracháin idir dhá Bhallstát nó níos mó
|
Airteagal 8 Socruithe riaracháin idir dhá Bhallstát nó níos mó 1. Gabhfaidh forálacha an Rialacháin seo ionad na bhforálacha sin a leagtar síos sna socruithe do chur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán, seachas na forálacha sin a bhaineann le socruithe maidir leis na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an mbun-Rialachán, ar chuntar go n-áireofar forálacha na socruithe sin in Iarscríbhinn 1 den Rialachán cur chun feidhme. 2. Más gá, féadfaidh Ballstáit socruithe a thabhairt i gcrích eatarthu féin a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcoinbhinsiún dá dtagraítear in Airteagal 8(2) a ghabhann leis an mbun-Rialachán ar chuntar nach rachaidh socruithe den sórt sin chun dochar do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann agus ar choinníoll go n-áireofar in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme iad.
|
|
Airteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí
|
Airteagal 9 Nósanna imeachta eile idir údaráis agus institiúidí 1. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a n-údaráis inniúla, comhaontú ar nósanna imeachta eile seachas na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an Rialachán cur chun feidhme, ar chuntar nach rachaidh na nósanna imeachta sin chun dochair do chearta ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann. 2. Tabharfar fógra don Choimisiún Riaracháin faoi aon chomhaontuithe a thabharfar i gcrích chun na críche sin agus liostófar in Iarscríbhinn 1 den Rialachán cur chun feidhme iad. 3. Forálacha atá i gcomhaontuithe cur chun feidhme a tugadh i gcrích idir dhá Bhallstát nó níos mó a raibh an cuspóir céanna acu, nó ar comhchosúil iad, leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, agus a bheidh i bhfeidhm an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, agus a áirítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 574/72, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu, chun críocha an chaidrimh idir na Ballstáit sin, ar chuntar go n-áirítear iad freisin in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme.
|
|
Airteagal 10 Forluí sochar a chosc
|
Airteagal 10 Forluí sochar a chosc D’ainneoin forálacha eile sa bhun-Rialachán, nuair a dhéanfar sochair atá dlite faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó a laghdú, a fhionraí nó a tharraingt siar go frithpháirteach, aon suimeanna nach n-íocfaí i gcás chur i bhfeidhm dian na rialacha a bhaineann le laghdú, le fionraí nó le tarraingt siar arna leagan síos le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann, déanfar iad a roinnt ar líon na sochar a chuirtear faoi réir laghdú, fionraí nó tarraingt siar.
|
|
Airteagal 11 Eilimintí chun cónaí a chinneadh
|
Airteagal 11 Eilimintí chun cónaí a chinneadh 1. I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí dhá Ballstát nó níos mó maidir le háit chónaithe duine a chinneadh a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leis, suífidh na hinstitiúidí sin de thoil a chéile lárionad leasa an duine lena mbaineann, bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar an bhfaisnéis uile a bheidh ar fáil a bhfuil baint aici le fíorais ábhartha, a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a áireamh, de réir mar is iomchuí:
(a)
ré agus leanúnachas na láithreachta ar chríoch na mBallstát lena mbaineann;
(b)
staid an duine, lena n-áirítear:
(i)
nádúr agus coinníollacha aon ghníomhaíochta a dhéantar, go háirithe an áit ina ndéantar an ghníomhaíocht go hiondúil, cobhsaíocht na gníomhaíochta, agus ré aon chonartha oibre;
(ii)
stádas a theaghlaigh agus a naisc teaghlaigh;
(iii)
cleachtadh aon ghníomhaíochta nach bhfaigheann an duine íocaíocht aisti;
(iv)
i gcás mac léinn, foinse a n-ioncaim;
(v)
a staid tithíochta, go háirithe cé chomh buan is atá sí;
(vi)
an Ballstát a meastar gurb ann atá cónaí ar an duine chun críocha cánach.
2. I gcás nach dtiocfaidh comhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann as breithniú na gcritéar éagsúil bunaithe ar na fíricí ábhartha a leagtar amach i mír 1, an méid a chuir an duine in iúl a bheith ar intinn aige, faoi mar a dhealraíonn sé ó fhíricí agus ó imthosca den sórt sin, go háirithe na cúiseanna lenar tugadh ar an duine bogadh, measfar go mbeidh sé cinntitheach chun áit chónaithe iarbhír an duine sin a shuíomh.
|
|
Airteagal 12 Comhshuimiú tréimhsí
|
Airteagal 12 Comhshuimiú tréimhsí 1. Chun críocha Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil teagmháil le hinstitiúidí na mBallstát a raibh an duine árachaithe faoi réir a reachtaíochta freisin d’fhonn na tréimhsí uile a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin a chinneadh. 2. Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe faoi seach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a shuimiú leis na tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile a mhéid is gá chun Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin. 3. I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó cónaithe a cuireadh isteach i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Ballstáit le tréimhse árachais a cuireadh isteach ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a cuireadh isteach ar bhonn árachais éigeantaigh. 4. I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó chónaithe seachas tréimhse choibhéiseach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit agus tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíochta Ballstáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í. 5. Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, is í institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíochta Ballstáit go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh institiúid an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin an tréimhse sin a chur san áireamh. 6. I gcás nach bhféadfar tráth tréimhsí áirithe árachais nó cónaithe a chur isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit eile, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann.
|
|
Airteagal 13 Rialacha maidir le comhshó tréimhsí
|
Airteagal 13 Rialacha maidir le comhshó tréimhsí 1. I gcás ina ndéanfar tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a shloinneadh in aonaid nach ionann iad agus na haonaid dá bhforáiltear le reachtaíocht Ballstát eile, is de réir na rialacha seo a leanas a dhéanfar an comhshó is gá chun críocha an chomhshuimithe faoi Airteagal 6 den bhun-Rialachán:
(a)
is í an tréimhse a bheidh le húsáid mar bhonn don chomhshó, an tréimhse arna cur i bhfios ag institiúid an Bhallstáit sin ar faoina reachtaíocht a cuireadh isteach an tréimhse;
(b)
i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí i laethanta, is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a ríomhfar comhshó ó laethanta go haonaid eile agus vice versa, chomh maith le hathrú idir scéimeanna éagsúla bunaithe ar laethanta:
|
Scéim bunaithe ar
|
Is ionann 1 lá agus
|
Is ionann 1 seachtain agus
|
Is ionann 1 mhí agus
|
Is ionann 1 ráithe agus
|
Uasmhéid laethanta in aon bhliain féilire amháin
|
|
5 lá
|
9 n-uaire an chloig
|
5 lá
|
22 lá
|
66 lá
|
264 lá
|
|
6 lá
|
8 n-uaire an chloig
|
6 lá
|
26 lá
|
78 lá
|
312 lá
|
|
7 lá
|
6 huaire an chloig
|
7 lá
|
30 lá
|
90 lá
|
360 lá
|
(c)
i gcás scéimeanna ina sloinntear na tréimhsí ina n-aonaid eile seachas ina laethanta,
(i)
beidh trí mhí nó trí seachtaine déag coibhéiseach le ráithe amháin, agus vice versa;
(ii)
beidh bliain coibhéiseach le ceithre ráithe, 12 mhí nó 52 seachtain, agus vice versa;
(iii)
chun seachtainí a chomhshó go míonna agus vice versa, déanfar seachtainí agus míonna a chomhshó go laethanta i gcomhréir leis na rialacha maidir le comhshó na scéimeanna atá bunaithe ar sé lá sa tábla i bpointe (b).
(d)
I gcás tréimhsí a shloinntear ina gcodáin, déanfar na figiúirí sin a chomhshó go dtí an chéad slánuimhir eile is lú, agus na rialacha a leagtar síos i bpointe (b) agus i bpointe (c) á gcur i bhfeidhm. Maidir le codáin de bhlianta, déanfar iad a chomhshó ina míonna, mura scéim atá bunaithe ar ráithí í an scéim lena mbaineann.
(e)
Más codán d’aonad an toradh a bhíonn ar an gcomhshó faoin mír seo, glacfar an chéad slánuimhir eile is airde mar thoradh ar an gcomhshó faoin mír seo.
2. Ní bheidh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 go mbeidh líon iomlán, do mhéid iomlán na dtréimhsí a cuireadh isteach in imeacht aon bhliana féilire amháin, is mó ná líon na laethanta a léirítear sa cholún deireanach atá sa tábla atá i mír 1(b), 52 seachtain, 12 mhí nó ceithre ráithe. Más ionann na tréimhsí a bheidh le comhshó agus uaslíon iomlán bliantúil na dtréimhsí faoi reachtaíocht an Bhallstáit inar cuireadh isteach iad, ní bheidh tréimhsí, laistigh d’aon bhliain féilire amháin, ar giorra iad ná uaslíon féideartha bliantúil na dtréimhsí a bhforáiltear dóibh faoin reachtaíocht lena mbaineann, de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1. 3. Déanfar an comhshó mar oibriú aonair amháin lena gcumhdófar na tréimhsí uile sin a cuireadh i bhfios mar chomhiomlán, nó déanfar le haghaidh gach bliana é, más ar bhonn bliain-ar-bhliain a cuireadh na tréimhsí i bhfios. 4. I gcás ina gcuireann institiúid tréimhsí in iúl agus iad á sloinneadh i laethanta, léireoidh sí an tráth céanna más bunaithe ar chúig lá, ar shé lá nó ar sheacht lá atá an scéim atá á riar aici.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|