|
+Airteagal 12 Comhshuimiú tréimhsí ---+Article 12 1. ---+Article 12 2. ---+Article 12 3. ---+Article 12 4. ---+Article 12 5. ---+Article 12 6. |
Airteagal 12 Comhshuimiú tréimhsíAirteagal 12 Comhshuimiú tréimhsí 1. Chun críocha Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh an institiúid inniúil teagmháil le hinstitiúidí na mBallstát a raibh an duine árachaithe faoi réir a reachtaíochta freisin d’fhonn na tréimhsí uile a cuireadh isteach faoin reachtaíocht sin a chinneadh. 2. Déanfar na tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe faoi seach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a shuimiú leis na tréimhsí a cuireadh isteach faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile a mhéid is gá chun Airteagal 6 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, ar chuntar nach bhforluífidh na tréimhsí sin. 3. I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó cónaithe a cuireadh isteach i gcomhréir le hárachas éigeantach faoi reachtaíocht Ballstáit le tréimhse árachais a cuireadh isteach ar bhonn árachais shaorálaigh nó árachais leanúnaigh roghnaigh, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse a cuireadh isteach ar bhonn árachais éigeantaigh. 4. I gcás ina gcomhtharlóidh tréimhse árachais nó chónaithe seachas tréimhse choibhéiseach a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit agus tréimhse choibhéiseach ar bhonn reachtaíochta Ballstáit eile, ní chuirfear san áireamh ach an tréimhse nach tréimhse choibhéiseach í. 5. Aon tréimhse a mheastar a bheith coibhéiseach faoi reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, is í institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta go héigeantach roimh an tréimhse sin, agus an institiúid sin amháin, a chuirfidh san áireamh í. I gcás nach raibh an duine lena mbaineann faoi réir reachtaíochta Ballstáit go héigeantach roimh an tréimhse sin, déanfaidh institiúid an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoina réir go héigeantach den chéad uair tar éis na tréimhse sin an tréimhse sin a chur san áireamh. 6. I gcás nach bhféadfar tráth tréimhsí áirithe árachais nó cónaithe a chur isteach faoi reachtaíocht Ballstáit a chinneadh go beacht, toimhdeofar nach bhforluíonn na tréimhsí sin le tréimhsí árachais nó cónaithe a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Ballstáit eile, agus cuirfear san áireamh iad a mhéid is féidir aird a thabhairt orthu go réasúnta i gcás ina mbeidh buntáiste le breith as sin don duine lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|