|
+Airteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil ---+Article 25 1. ---+Article 25 2. ---+Article 25 3. ---+Article 25 4. ---+Article 25 5. ---+Article 25 6. ---+Article 25 7. ---+Article 25 8. ---+Article 25 9. ---+Article 25 10. |
Airteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúilAirteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. Nós imeachta agus raon feidhme cirt 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 19 den bhun-Rialachán, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil lena léireofaí don soláthróir cúraim sláinte i mBallstát an fhanachta a theidlíocht chun sochar comhchineáil. Mura mbeidh doiciméad den sórt sin ag an duine árachaithe, rachaidh institiúid na háite fanachta, ar iarraidh nó más gá ar shlí eile, i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun doiciméad den sórt sin a fháil. 2. Léireoidh an doiciméad sin go bhfuil an duine árachaithe i dteideal sochar comhchineáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 den bhun-Rialachán ar na téarmaí céanna leis na téarmaí is infheidhme maidir le daoine atá árachaithe faoi reachtaíocht Bhallstát an fhanachta. 3. Tagróidh na sochair chomhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den bhun-Rialachán do na sochair chomhchineáil a sholáthraítear i mBallstát an fhanachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus a thagann chun bheith riachtanach ar fhorais liachta d’fhonn nach gceanglófaí ar an duine árachaithe filleadh ar an mBallstát inniúil, roimh dheireadh na ré pleanáilte fanachta, chun an chóireáil atá riachtanach a fháil. B. Nós imeachta agus socruithe chun na costais a sheasamh agus chun aisíocaíocht sochar comhchineáil a sholáthar 4. Má d’iompair an duine árachaithe costais na sochar comhchineáil uile a soláthraíodh faoi chuimsiú Airteagal 19 den bhun-Rialachán nó costais coda díobh, agus má chumasaítear le reachtaíocht a chuireann institiúid na háite fanachta i bhfeidhm costais seo a aisíoc leis an duine árachaithe, féadfaidh sé iarratas ar aisíoc a chur chuig institiúid na háite fanachta. Sa chás sin, aisíocfaidh an institiúid sin go díreach leis an duine sin suim na gcostas a fhreagróidh do na sochair sin laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht. 5. Mura ndearnadh aisíocaíocht na gcostas sin a iarraidh go díreach ar institiúid na háite fanachta, déanfaidh an institiúid inniúil na costais a tabhaíodh a aisíoc leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rátaí aisíocaíochta arna riar ag institiúid na háite fanachta, nó leis na méideanna a bheadh faoi réir a n-aisíoca le hinstitiúid na háite fanachta, dá mbeadh feidhm ag Airteagal 62 den Rialachán cur chun feidhme sa chás lena mbaineann. Cuirfidh institiúid na háite fanachta an fhaisnéis uile is gá faoi na rátaí sin nó faoi na méideanna sin ar fáil don institiúid inniúil arna iarraidh sin di. 6. De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an institiúid inniúil aisíoc na gcostas a tabhaíodh, laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí aisíoca a leagtar síos ina reachtaíocht, a ghabháil uirthi féin, ar chuntar go mbeidh an duine árachaithe tar éis a aontú go gcuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm maidir leis. 7. Mura bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit fhanachta d’aisíoc de bhun mhír 4 agus mhír 5 sa chás lena mbaineann, féadfaidh an institiúid inniúil na costais a aisíoc laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht, gan aontú an duine árachaithe. 8. Ní rachaidh an aisíocaíocht leis an duine árachaithe, ar aon chor, thar mhéid na gcostas a thabhaigh sé nó sí iarbhír. 9. I gcás chaiteachais shuntasaigh, féadfaidh an institiúid inniúil réamhíocaíocht iomchuí a íoc leis an duine árachaithe a luaithe a dhéanfaidh an duine sin an t-iarratas ar aisíocaíocht a chur faoina bráid. C. Daoine den teaghlach 10. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|