|
+Airteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil ---+Article 27 1. ---+Article 27 2. ---+Article 27 3. ---+Article 27 4. ---+Article 27 5. ---+Article 27 6. ---+Article 27 7. ---+Article 27 8. ---+Article 27 9. ---+Article 27 10. |
Airteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúilAirteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an duine árachaithe 1. Má cheanglaítear le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil go dtíolacfaidh an duine árachaithe deimhniú chun bheith i dteideal na sochar airgid a bhaineann le héagumas chun oibre de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, iarrfaidh an duine árachaithe ar dhochtúir sin an Bhallstáit chónaithe a shuigh riocht a shláinte a éagumas chun oibre agus an fad is dóigh a mhairfidh sé a dheimhniú. 2. Seolfaidh an duine árachaithe an deimhniú chuig an institiúid inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil. 3. I gcás nach n-eisíonn na dochtúirí a sholáthraíonn an chóireáil i mBallstát an chónaithe deimhnithe ar éagumas chun oibre, agus i gcás ina gceanglaítear na deimhnithe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, déanfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh go díreach chuig institiúid na háite cónaithe. Socróidh an institiúid sin láithreach go ndéanfar measúnú liachta ar éagumas an duine sin chun oibre agus go ndéanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Déanfar an deimhniú sin a chur ar aghaidh láithreach chuig an institiúid inniúil. 4. Ní dhíolmhóidh cur ar aghaidh an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 an duine árachaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann lena fhostóir. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an fostóir agus/nó an institiúid inniúil a iarraidh ar an bhfostaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá ceaptha chun spreagadh agus cabhair a thabhairt dó filleadh ar an bhfostaíocht. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid an Bhallstáit chónaithe 5. Ar an institiúid inniúil á iarraidh, déanfaidh insitiúid na háite cónaithe aon seiceálacha riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá maidir leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an insitiúid sin is déanaí sin a luaitear i bhfeidhm. Tuarascáil an dochtúra a rinne an scrúdú a bhaineann go háirithe le ré dhóchúil an éagumais chun oibre, cuirfidh institiúid na háite cónaithe ar aghaidh gan mhoill í chuig an institiúid inniúil. C. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 6. Coimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. 7. Gan dochar don dara habairt d’Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, íocfaidh an institiúid inniúil na sochair airgid go díreach leis an duine lena mbaineann agus, más gá, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin. 8. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, beidh an luach dlí céanna ag sonraí deimhnithe um éagumas duine árachaithe chun oibre arna tharraingt suas i mBallstát eile ar bhonn chinntí liachta an dochtúra nó na hinstitiúide a rinne an scrúdú, agus atá ag an deimhniú arna tharraingt suas sa Bhallstát inniúil. 9. Má dhiúltaíonn an institiúid inniúil na sochair airgid, tabharfaidh sí fógra don duine árachaithe maidir lena cinneadh agus ag an am céanna tabharfaidh sí fógra d’institiúid na háite cónaithe. D. Nós imeachta i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 10. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|